An Chomhairle Chraiceáilte de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath: Seóthaispeántas Nuálaíochta ar siúl i Halla na Cathrach
Published on 6th March 2024
D'óstáil Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Daithí de Róiste an chéad Chomhairle Chraiceáilte: Seóthaispeántas Nuálaíochta de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag Halla na Cathrach. D'fhreastail Darragh O’Brien, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ar an ócáid, a raibh sé mar aidhm aici na buntáistí a léiriú a bhaineann le paisean na mball foirne don Ghaeilge a cheangal leis na scileanna ceannaireachta agus cruthaitheachta atá riachtanach chun leas a bhaint as acmhainneacht na teanga.
Is toradh é an Chomhairle Chraiceáilte: Seóthaispeántas Nuálaíochta de chlár forbartha ceannaireachta agus cruthaitheachta 5 mhí atá á reáchtáil ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath d'fhostaithe le Gaeilge. Is é aidhm an chláir scileanna a thabhairt d’fhostaithe, scileanna a theastaíonn uathu chun cur le beocht na Gaeilge labhartha sa chathair trí sheirbhísí na Comhairle.
Aithníonn an Chomhairle Chraiceáilte go bhfuil gá le hidirghabháil shuntasach chun an teanga a neartú. Tá daoine ag iarraidh í a labhairt, ach is beag deis atá acu í a úsáid.
Ag labhairt dó ag an ócáid dúirt Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Daithí de Róiste, “Is sampla iontach í an Chomhairle Chraiceáilte den dóigh ar féidir leis an gcruthaitheacht tionchar ollmhór a imirt sa tsochaí. Léiríonn na smaointe agus an fuinneamh atá anseo inniu nach ualach ach acmhainn í an Ghaeilge. Léiríonn sé dúinn go bhfuilimid ag tús ré nua don Ghaeilge in earnáil na n-údarás áitiúil. Tá cumhacht sa chur chuige seo agus bheadh sé iontach é a fheiceáil á athchruthú ar fud na tíre.”
Dúirt Daithí de Buitléir, Bainisteoir Cláir, Gaeilge365, Aonad Nuálaíochta Gaeilge atá ag feidhmiú mar bhainisteoir an chláir, “Le Gaeilge365, tugaim aitheantas don obair den scoth atá déanta ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, le tacaíocht ó Éire Ildánach, mar cheannaire i gcur chun cinn na Gaeilge in earnáil na n-údarás áitiúil agus i seirbhísí poiblí ar an iomlán. Is iontach an rud é eagraíocht stáit a fheiceáil atá tiomanta do chuir chuige cheannródaíocha maidir le forbairt na Gaeilge a nuáil agus teacht ar na cuir chuige chéanna Táim ag tnúth leis an dea-chleachtas seo a fheiceáil ag bláthú agus ag fás sna blianta amach romhainn.”
Tá samplaí den scoth ag teacht chun cinn ón gclár den dóigh ar féidir le húdaráis áitiúla tionscnaimh chruthaitheachta a úsáid chun an Ghaeilge a neartú laistigh dá gceantair féin. I measc na nuálaíochtaí samplacha tá:
- In Aice Liom: Ag tógáil ar an rath a bhí ar scéimeanna cónaitheachta Gaeilge in ollscoileanna chun samhlacha tithíochta teanga-bhunaithe a chruthú do chainteoirí Gaeilge sa chathair.
- TurasÓir: Leas a bhaint as acmhainneacht €7.3 milliún a ghiniúint trí sheirbhísí turasóireachta teanga atá curtha in oiriúint do 5 mhilliún foghlaimeoir Gaeilge lasmuigh d'Éirinn.
- Doras Isteach: Clár spraíúil rannpháirtíochta teanga a fhorbairt agus é a chur ar fáil trí líonraí grúpaí leabharlainne tuismitheoirí agus leanaí, rud a thugann deis do pháistí réamhscoile agus cúramóirí a gcéad teagmháil chomhchoiteann le Gaeilge a bheith déanta ar bhealach spraíúil agus bríomhar.
***Ceangailte leis seo tá forbhreathnú ar na smaointe ón gComhairle Chraiceáilte: Seóthaispeántas Nuálaíochta de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath***
***Scaipfidh Fennell Photography grianghraif d'ócáid an lae inniu***
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Gaeilge 365
Bunaithe ar rath na dtionscadal seo, in 2023, bhunaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tionscadal píolótach suaitheanta darb ainm Gaeilge365 – An tAonad Nuálaíochta Gaeilge. Is é aidhm an tionscadail seo ná go nglacfadh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ról ceannaireachta in earnáil na n-údarás áitiúil agus dea-chleachtas a chruthú maidir le conas is féidir le húdarás áitiúil na cuspóirí reachtacha agus beartais i leith na Gaeilge a chomhlíonadh trí thacú le níos mó daoine an Ghaeilge a labhairt ar bhonn laethúil.
Tá sé mar aidhm ag Gaeilge365 cur le líon na ndeiseanna chun Gaeilge a labhairt a chruthaíonn agus a dtacaíonn an Chomhairle leo 10x faoi 2027.
Cuimsíonn an tionscnamh seo meon nuathionscanta agus tá an creideamh mar bhonn agus mar thaca aige gur féidir linn an bhearna idir an líon mór daoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt níos rialta ach nach bhfuil na deiseanna acu a dhúnadh trídheiseanna a neartú.
Tá an tionscnamh ag teacht go hiomlán le cuspóirí na Straitéise Náisiúnta 20 Bliain don Ghaeilge agus féachann sé le cur leis an méid daoine a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais.