Céard ba cheart duit a dhéanamh má théann do Mhadra ar strae ort

Tá an tAonad um Leas Ainmhithe freagrach as madraí seachráin i limistéar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Bímid i gcónaí sásta nuair is féidir linn ceann de na madraí atá inár ndídean a thabhairt ar ais dá úinéir.

Tá go leor tacaíochtaí ar fáil chun peata ar strae a chuardach. Má théann do mhadra ar strae ort, scaip an scéal agus inis do na heagraíochtaí ábhartha.

5 Chéim chun Madra Caillte a Fháil

Má tá do mhadra imithe ar strae ort, déan iarracht a bheith ciallmhar agus lean na céimeanna seo a leanas:

1. Déan teagmháil leis an Aonad um Leas Ainmhithe

Má imíonn tú do mhadra ar strae i gceantar riaracháin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, déan cinnte go ndéanann tú teagmháil linn a luaithe agus is féidir. Seol pictiúr de do mhadra chuig [email protected] mar aon leis na sonraí maidir le cathain agus cá háit a shíleann tú ar imigh do mhadra ar strae. Ná déan dearmad d’ainm agus d’uimhir theileafóin a chur ar fáil freisin.

Cabhróidh an méid sin linn chun do mhadra a aithint go tapa. Bailímid na céadta madra seachráin gach bliain agus is féidir úinéirí nua a aimsiú, de réir an dlí, do mhadraí nach mbailítear laistigh de chúig lá.

Is féidir leat leathanach Facebook an Aonaid um Leas Ainmhithe a sheiceáil freisin, a nuashonraítear go rialta le grianghraif de na madraí a tugadh chomh fada lenár ndídean. Má tá cónaí ort in aice le limistéar údaráis áitiúil eile, cinntigh go ndéanann tú teagmháil lena maor madraí siúd freisin.

Má aimsíonn Aonad um Leas Ainmhithe Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath do mhadra, beidh ort fianaise ar úinéireacht a chur ar fáil mar aon le haitheantas, agus aon táille ghaolmhar a íoc sular féidir leat do mhadra a fháil ar ais. Tá tuilleadh eolais le fáil ar ár leathanach maidir le conas madra a fháil ar ais.

2. Déan teagmháil le do Stáisiún Gardaí Áitiúil

Ina dhiaidh sin, ba cheart duit glaoch ar do Stáisiún Gardaí áitiúil chun a thuairisciú go bhfuil do mhadra imithe ar strae. Tuairiscítear madraí seachráin don Gharda Síochána go minic, go háirithe má chuireann siad isteach ar thrácht nó má chruthaíonn siad baol don phobal.

B’fhéidir go mbeidh do stáisiún áitiúil in ann a fháil amach an bhfuil do mhadra bailithe ag maoir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Arís, ba cheart duit d’ainm, d’uimhir theileafóin agus cur síos ar do mhadra a chur ar fáil.

3. Déan Teagmháil le Tréidlianna agus le hEagraíochtaí Leasa Madraí

Má aimsíonn ball den phobal do mhadra, d’fhéadfadh an duine sin do mhadra a thabhairt chomh fada le tréidlia áitiúil, conchró nó carthanas ainmhithe, dá réir sin, cinntigh go ndéanann tú teagmháil le gach eagraíocht dá leithéid i do cheantar chun insint dóibh go bhfuil do mhadra imithe ar strae.

Is iad CBFA agus Iontaobhas na Madraí na príomheagraíochtaí ar féidir le daoine i mBaile Átha Cliath teagmháil a dhéanamh leo.

4. Déan Teagmháil le do Chlárlann Micrishliseanna

Má tá micrishlis ag do mhadra, is smaoineamh maith é teagmháil a dhéanamh leis an gclárlann a rialaíonn na sonraí maidir le micrishlis do mhadra. Cinntigh go bhfuil do shonraí teagmhála ceart ionas go mbeidh aon duine a scanann micrishlis do mhadra in ann teagmháil a dhéanamh leat.

Ba cheart duit insint don chlárlann freisin go bhfuil do mhadra imithe ar strae agus ba cheart duit a iarraidh ar fhoireann na clárlainne teagmháil a dhéanamh leat má dhéanann aon duine iarracht na sonraí atá ar mhicrishlis do mhadra a athrú.

5. Scaip an Scéal

Inis do dhaoine go bhfuil do mhadra á chuardach agat trí na meáin shóisialta agus trí chláir fógraí áitiúla. Tá go leor leathanaigh meán sóisialta dírithe ar chabhrú le húinéirí madraí atá imithe ar strae a aimsiú. Is féidir leat póstaeir a chrochadh in ionaid tréidliachta freisin agus ar chláir fógraí i siopaí áitiúla agus in oifigí poist.

Cinntigh go bhféachann tú ar na cláir fógraí agus ar na leathanaigh meán sóisialta ar fhaitíos go bhfuil do mhadra aimsithe ag duine éigin cheana féin agus go bhfuil fógra postáilte ag duine éigin.

Ná Déan Dearmad an tEolas is Déanaí a Roinnt le Gach Duine

Má aimsíonn tú do pheata, ná déan dearmad é sin a insint do na heagraíochtaí a ndearna tú teagmháil leo. Ba cheart duit aon phóstaer a chroch tú a bhaint anuas freisin.

Leideanna Coisc

Gach bliain, aimsíonn an tAonad um Leas Ainmhithe úinéirí nua do na céadta madra de bhrí nach féidir teagmháil a dhéanamh lena n-úinéirí. Chun é sin a sheachaint, ba cheart d’úinéirí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • A chinntiú go bhfuil coiléar ar a bhfuil diosca aitheantais ar a madra i gcónaí. Is oibleagáid dhlíthiúil é sin agus is féidir fíneáil €200 a ghearradh ar úinéirí madraí atá gan coiléar agus aitheantas.
  • A chinntiú go bhfuil micrishlis ag gach madra. Is oibleagáid dhlíthiúil é sin freisin agus is féidir le formhór na dtréidlianna, CBFA nó clinic taistil CBFA micrishlis a chur ar mhadra.
  • A sonraí a chlárú le bunachar sonraí micrishliseanna agus cinntigh go nuashonraítear an fhaisnéis seo má athraíonn aon rud.
  • A chinntiú go bhfuil a madra neodraithe. Laghdaíonn sé sin an fonn a bhíonn ar mhadraí dul ar seachrán agus an gairdín a fhágáil, agus coisceann sé pórú gan iarraidh agus fadhbanna iompair.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil inár dtreoir maidir le húinéireacht madraí fhreagrach.

Déan teagmháil leis an Aonad um Leas Ainmhithe

Má tá do mhadra imithe ar strae, déan teagmháil leis an Aonad um Leas Ainmhithe ag an uimhir thíos. Tá ár líne theileafóin oscailte idir 9am-5pm ar laethanta na seachtaine agus idir 11am-3pm ag an deireadh seachtaine.

Contact Details