Comhairle maidir le Madraí ag Tafann

Is féidir madraí ag tafann a mheas mar núis torainn i ndlí na hÉireann. Aimsigh ár leideanna chun tafann leanúnach a chosc agus chun a chinntiú go mbeidh do pheata níos compordaí agus níos suaimhní.

Bíonn madraí ag tafann go nádúrtha, ach d’fhéadfadh tafann nó geonaíl leanúnach cur isteach ar chomharsana. Go minic ní tharlaíonn an fhadhb ach nuair a bhíonn úinéir an mhadra as baile agus ní thuigeann sé nó sí go bhfuil fadhb ann go dtí go ndéanann duine éigin gearán.

Núis mar gheall ar Mhadraí ag Tafann

Faoin dlí, is féidir madra ag tafann a mheas mar núis torainn. Is féidir úinéirí a thabhairt chomh fada leis an gcúirt mura gcoisceann siad a leithéid. Is ábhar sibhialta é núis mar thoradh ar mhadra ag tafann agus ní féidir leis an Aonad um Leas Ainmhithe nó le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath déileáil lena leithéid.

Mínítear in Alt 25 den Acht um Rialú Madraí, 1986 gur faoin gCúirt Dúiche atá sé cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu an ionann nó nach ionann aon chás de mhadra ag tafann agus núis.

Is féidir leo siúd ar mian leo gearán a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche faoi mhadra ag tafann an fhoirm thíos a íoslódáil. Má theastaíonn tuilleadh comhairle uait maidir le conas an fógra seo a sheirbheáil, beidh ort teagmháil a dhéanamh le hoifig do Chúirte Dúiche áitiúil.

Fógra maidir le Gearán don Chúirt Dúiche maidir le Madra ag Tafann

Cén Fáth an mbíonn Madraí ag Tafann?

D’fhéadfadh do mhadra a bheith ag tafann ar go leor cúiseanna, lena n-áirítear:

  • Uaigneas.
  • Leadrán nó frustrachas.
  • Chun aird a tharraingt air féin.
  • Chun a spás féin a chosaint.
  • Fadhbanna leighis.

Ní dual do mhadraí a bheith ina n-aonar. Teastaíonn slándáil grúpa teaghlaigh uathu agus glacann madraí ar peataí iad lena n-úinéirí mar theaghlach ionadach. Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh madraí a bheith buartha nuair a bhíonn siad fágtha ina n-aonar.

Leideanna Oiliúna chun Tafann a Chosc

Tá ról tábhachtach ag traenáil in iarracht a dhéanamh a chinntiú nach mbíonn do mhadra ag tafann nuair a bhogann aon rud mórthimpeall air. Ba cheart go mbeadh madra atá traenáilte go maith in ann an difríocht a dhéanamh amach idir daoine a bhfuil cead acu teacht isteach sa teach agus daoine ar ionróirí iad.

Ba cheart go gciallódh traenáil mhaith mar aon le cion agus comhluadar nach bhforbróidh do mhadra drochnósanna. Tosaigh go luath agus leag síos nósanna ón tús.

Ní bhíonn madraí áirithe ag iarraidh go bhfágfaidh a n-úinéirí an teach, áfach. Tá sé tábhachtach go mbeadh taithí ag do mhadra ar a bheith sa bhaile leis féin ag tréimhsí difriúla ag uaireanta difriúla i rith an lae. Ar an tslí sin, seans nach mbeidh an oiread céanna imní ar do mhadra gach uair a fhágann tú an teach.

Nuair a fhágann tú an teach, ná bíodh an madra á chur ó bhos go bos agat. Seachas sin, déan iarracht an madra a chur isteach i seomra eile leis féin, i gcomhair cúpla nóiméad ar dtús, agus cuir de réir a chéile leis an méid ama a fhágann tú do mhadra ina aonar. Ná téigh in aice le do mhadra arís go dtí go mbeidh sé ciúin ar feadh tamaill. Nuair a fhilleann tú, is féidir leat neart ama a chaitheamh le do mhadra agus é a mholadh.

Beidh madraí áirithe ag tafann de bhrí go mbíonn siad ag iarraidh a bheith páirteach sna rudaí atá ag tarlú taobh amuigh. Más é sin cúis na faidhbe, déan iarracht do mhadra a fhágáil in áit éigin nach féidir leis a bheith ag breathnú ar an méid atá ag tarlú taobh amuigh.

Ní bheidh madraí eile compordach ach amháin más féidir leo guth duine éigin a chloisteáil. B’fhéidir gurbh fhiú raidió a fhágáil ar siúl agus an fhuaim a chasadh síos go híseal, ach cinntigh nach bhfuil an fhuaim ró-ard. Níl tú ag iarraidh gearáin faoin raidió a fháil!

Má choinníonn tú do mhadra taobh amuigh, smaoinigh go cúramach faoin áit a bhfágann tú an cró agus faoin áit is féidir leis an madra a bheith ag rith. Déan iarracht gan an cró a leagan taobh le fál do chomharsan nó in áit éigin a mbeidh fonn ar do mhadra a bheith ag tafann.

Madra a Fhágáil ina Aonar i gcomhair Tréimhsí Fada

Ainneoin gur cheart go mbeadh taithí ag do mhadra ar a bheith ina aonar, déan iarracht gan é a fhágáil ina aonar i gcomhair tréimhsí fada. Más gá duit do mhadra a fhágáil ina aonar i gcomhair tréimhsí fada, cinntigh go ndéanann tú an méid seo a leanas:

  • Tabhair bia agus deis aclaíochta don mhadra sula bhfágann tú an teach agus cuir uisce úr ar fáil dó.
  • Faigh amach an bhfuil duine éigin in ann aire a thabhairt do do mhadra agus an madra a thabhairt amach ag siúl nó ligean don mhadra dul amach sa ghairdín.
  • Cinntigh go bhfuil leaba nó ciseán an mhadra compordach agus fág na bréagáin is fearr leis taobh leis.
  • Seiceáil an bhfuil an seomra róthe nó rófhuar agus go bhfuil dóthain aeraithe ann.
  • Mura mbeidh tú ag filleadh go dtí go mbeidh sé dorcha, cinntigh go bhfágann tú solas ar siúl.

Faigh Cabhair ó Dhuine Éigin

Mura bhfuil na leideanna seo ag obair, ná cuir an milleán ar an madra agus ná ceap gur féidir gach rud a chur ina cheart trí mhadra eile a chur in ionad an mhadra atá agat. Seans nach n-oibreoidh sé sin.

B’fhéidir gurbh fhiú an dara madra a fháil chun comhluadar a choinneáil leis an madra atá agat, ach smaoinigh go cúramach air seo. An bhfuil dóthain spáis agat agus an bhfuil dóthain airgid agat chun aire a thabhairt don dara madra? D’fhéadfadh madra eile níos mó fadhbanna a chruthú.

Ní deacair cleas a mhúineadh do sheanmhadra. Iarr ar do mhaor madraí áitiúil roinnt moltaí a thabhairt duit. Ba cheart duit smaoineamh ar do mhadra a thabhairt chuig an tréidlia. Uaireanta d’fhéadfadh madra a bheith ag tafann de bhrí go bhfuil sé tinn. Imní is cúis le tafann go minic. B’fhéidir go mbeadh do thréidlia in ann cabhrú leat nó tú a atreorú chuig iompraí ainmhithe a bheidh in ann iompar do mhadra a fheabhsú.

Déan teagmháil leis an Aonad um Leas Ainmhithe

Tá an tAonad um Leas Ainmhithe i gcónaí ag faire amach do dheiseanna chun eolas a roinnt le húinéirí ainmhithe. Má theastaíonn comhairle maidir le do pheata uait nó más mian leat cuireadh a thabhairt do dhuine dár maoir chun labhairt i do scoil nó ag imeacht pobail, déan teagmháil linn thíos.

Contact Details