Clár Pobail um Leas Ainmhithe

Faigh eolas faoi chláir phobail an Aonaid um Leas Ainmhithe.

Ag croílár obair an Aonaid um Leas Ainmhithe tá iarracht a dhéanamh a chinntiú gur áit shábháilte d’ainmhithe í Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Oibríonn ár bhfoireann le scoileanna agus le pobail ar fud na cathrach chun mí-úsáid, faillí agus drochíde ainmhithe a chosc.

Cuairteanna Scoile

Tugann ár maoir agus cigirí cuairt ar sheomraí ranga bunscoileanna agus meánscoileanna ar fud na cathrach agus tugann siad cainteanna maidir le leas ainmhithe do mhic léinn. Roinneann siad eolas leo maidir le húinéireacht madraí fhreagrach, cúram peataí agus conas comharthaí drochíde agus faillí a aithint.

Imeachtaí Pobail

Gach bliain, freastalaíonn an tAonad um Leas Ainmhithe ar roinnt imeachtaí pobail chun cainteanna a thabhairt agus an scéal maidir le húinéireacht peataí fhreagrach a scaipeadh. Bí ag faire amach dúinn ag Féile na Rósanna i bPáirc San Anna agus ag Féile Oíche Shamhna Scanrúil Fhionnghlaise. Chomh maith leis sin, eagraímid imeachtaí chun comóradh a dhéanamh ar an Lá Domhanda Leasa Ainmhithe gach Deireadh Fómhair.

Seimineáir Oiliúna

Soláthraíonn ár maoir agus cigirí seimineáir oiliúna do gach comhlacht a bhfuil baint aige le leas ainmhithe. Dáileann siad faisnéis ábhartha faoi leas ainmhithe agus é mar aidhm acu deis a thabhairt do níos mó daoine a bheith páirteach i gcruálacht agus faillí ainmhithe a chosc. Más mian leat cúrsa oiliúna a eagrú do d’eagraíocht nó grúpa pobail, déan teagmháil linn thíos.

Déan teagmháil leis an Aonad um Leas Ainmhithe

Tá an tAonad um Leas Ainmhithe i gcónaí ag faire amach do dheiseanna chun eolas a roinnt le húinéirí ainmhithe agus chun feasacht ar chomharthaí de dhrochíde ainmhithe a mhéadú. Dá mba mhaith leat go dtabharfadh duine dár maoir cuairt ar do scoil nó grúpa pobail, déan teagmháil linn thíos.

Contact Details