Treoir maidir le hÚinéireacht Madraí Fhreagrach
Faigh tuilleadh eolais faoi d’oibleagáidí mar úinéir madraí atá i do chónaí i limistéar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Is é misean an Aonaid um Leas Ainmhithe cathair a chruthú ina mbíonn daoine agus ainmhithe breá sásta cónaí taobh lena chéile. Déanann ár gcláir phobail iarracht tuiscint ar aire a thabhairt do gach ainmhí a spreagadh i measc leanaí agus úinéirí madraí.
Ós sinne an eagraíocht atá freagrach as madraí i limistéar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a cheadúnú agus a rialú, tá an reachtaíocht ábhartha á forfheidhmiú againn freisin. Eagraímid siúlóidí páirce le baill den Gharda Síochána chun labhairt le húinéirí madraí, fíneálacha a eisiúint agus daoine a spreagadh chun an dlí a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, tugaimid cuairt ar thithe chun ceadúnais madraí a sheiceáil.
5 Fhreagracht Úinéirí Madraí
Is é seo an méid nach mór a bheith ar eolas agat chun a bheith i d’úinéir madra freagrach agus chun cabhrú linn chun timpeallacht a chruthú inar féidir le madraí saol sábháilte agus sona a bheith acu taobh leis an bpobal.
1. Ní mór go mbeadh Aitheantas ag Do Mhadra
Le cois a chinntiú go dtugtar aire mhaith do do mhadra agus go bhfuil sé oilte go maith, ceanglaíonn an dlí nach mór do gach madra coiléar nó úim a chaitheamh ar a bhfuil aitheantas le hainm agus seoladh an úinéara. Is féidir an fhaisnéis seo a inscríobh ar an gcoiléar nó ar phláta, suaitheantas nó diosca atá ceangailte leis.
D’fhéadfadh go mbeidh ar úinéirí nach bhfuil coiléar agus clib aitheantais acu ar a madra fíneáil €200 íoc. D’fhéadfaí duine a ionchúiseamh mura n-íoctar an fhíneáil seo, d’fhéadfadh fíneáil níos mó a bheith le híoc nó d’fhéadfadh téarma príosúnachta a bheith i gceist. Má mhainníonn duine clib aitheantais a chur ar a madra tá sé níos deacra madra a fháil má théann sé ar iarraidh, dá bhrí sin, ba cheart duit a chinntiú go bhfuil clib aitheantais orthu i gcónaí.
2. Ní mór go mbeadh Micrishlis ag do Mhadra
Is ceanglas dlí atá ann anois go mbeadh micrishlis ag do mhadra. Féadfaidh cigirí cóip de Theastas Micrishlise do mhadra a lorg, a dheimhníonn go bhfuil micrishlis ag do mhadra agus go bhfuil sé cláraithe ar bhunachar sonraí atá ceadaithe ag an rialtas.
Is féidir leat micrishlis a fháil do do mhadra i mbeagnach gach ionad tréidliachta, in ionad CBFA nó i gceann de chlinicí taistil CBFA
3. Ní Mór go mbeadh Ceadúnas Madraí Agat
Má tá madra agat atá níos sine ná ceithre mhí d’aois, ní mór go mbeadh ceadúnas agat don mhadra sin. Cosnaíonn ceadúnas madraí €20 agus tá sé bailí do bhliain amháin ón dáta eisiúna.
Is féidir ceadúnais saoil a cheannach freisin, a chosnaíonn €140. Is féidir le daoine a bhfuil líon mór madraí acu ceadúnas aonair, ginearálta bliana a cheannach chun na madraí ar fad a chlúdach, ar chostas €400.
Tá dhá bhealach ann chun ceadúnas madraí a cheannach:
- Ar líne trí shuíomh gréasáin Licences.ie.
- Ag d’oifig poist áitiúil.
Mura bhfuil ceadúnas agat do do mhadra, tá tú faoi dhliteanas fíneáil €150 a íoc. D’fhéadfadh ionchúiseamh a bheith mar thoradh ar mhainneachtain an fhíneáil seo a íoc, fíneáil níos mó suas le €2,500 agus pianbhreith fhéideartha suas le trí mhí má chiontaítear duine
4. Ní Mór Duit Glanadh Suas i nDiaidh do Mhadra
Ba cheart d’úinéirí a gcuid madraí a oiliúint ionas nach mbeidh áiteanna poiblí á salú acu. Go hidéalach, ba cheart dóibh úsáid a bhaint as an ngairdín sa bhaile.
Nó, ba cheart go mbeifeá tú toilteanach glanadh suas i ndiaidh do mhadra nuair a bhíonn tú amuigh ag siúl. Is féidir aon mhála plaisteach nó páipéir a úsáid. Chomh maith leis sin, b’fhéidir go mbeifeá in ann úsáid a bhaint as málaí saor in aisce atá ar fáil i do leabharlann áitiúla nó oifig ceantair áitiúil.
Is le cac madraí a fhágtar in áiteanna poiblí a bhaineann formhór na ngearán a fhaigheann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maidir le madraí. Cruthaíonn úinéirí madraí nach nglanann suas i ndiaidh a madraí guais sláinte. Tá siad freagrach, tríd is tríd, as ionfhabhtú ar a dtugtar tocsacáiriáis, a chuireann isteach ar leanaí go coitianta de bhrí gur dócha go mbeidh ithir éillithe á láimhseáil acu.
Níl sé inghlactha cac madraí a fhágáil in áit phoiblí. D’fhéadfadh go mbeadh ort fíneáil 'ar an láthair' €150 a íoc má mhainníonn tú cac do mhadra a ghlanadh agus é a dhiúscairt ar bhealach freagrach. Má mhainníonn tú an fhíneáil seo a íoc d’fhéadfaí tú a ionchúiseamh sa Chúirt Dúiche agus d’fhéadfadh go mbeadh ort fíneáil suas le €4,000 agus €600 in aghaidh an lae a íoc mar thoradh ar chionta leanúnacha ar chiontú achomair.
5. Ní Mór Duit do Mhadra a Choinneáil faoi Smacht
Ar mhaithe le sábháilteacht daoine eile agus ainmhithe, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh do mhadra faoi smacht i gcónaí. Tá ról lárnach ag traenáil sa chomhthéacs seo, ach ba cheart duit freisin úsáid a bhaint as rudaí cosúil le béalóga, iallacha agus úmacha de réir mar is gá. Ba cheart duit a chinntiú freisin nach mbíonn ach giollaí cumasacha freagrach as do mhadra.
Bíonn éifeacht dhíobhálach ag madraí seachráin agus neamhrialaithe ar mhadraí treorach agus ar a gcuid úinéirí freisin. D’fhéadfadh madraí treorach a bheith suaite, imníoch agus ionsaitheach, rud a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn le hearráidí a chuireann a gcuid úinéirí i mbaol.
Má aimsítear madra nach bhfuil faoi smacht, d’fhéadfadh go mbeidh ar a úinéir fíneáil €300 'ar an spota' a íoc. D’fhéadfadh ionchúiseamh a bheith mar thoradh ar mhainneachtain an fhíneáil seo a íoc, fíneáil níos mó agus téarma príosúnachta má chiontaítear duine.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mór fiú madraí béasacha a choinneáil ar iall i limistéir shonraithe mar atá mínithe i bhFodhlíthe um Rialú Madraí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. D’fhéadfadh go mbeadh ar úinéirí fíneáil €100 'ar an láthair' a íoc má sháraíonn siad na fodhlíthe seo.
Rialuithe do Phóir Shrianta
Tá freagrachtaí breise ar úinéirí pórtha srianta.
- Ní mór duit béalóg a chur ar do mhadra nuair a bhíonn tú in áit phoiblí.
- Ní mór duit do mhadra a choinneáil ar shlabhra nó ar iall láidir nach faide ná dhá mhéadar an t-am ar fad nuair a bhíonn tú amuigh in áit phoiblí.
- Ní mór go mbeadh do mhadra á stiúradh ag duine atá os cionn 16 bliana d’aois i gcónaí, duine atá in ann é a smachtú.
Beidh fíneáil €300 'ar an láthair' mar thoradh ar mhainneachtain aon cheann de na ceanglais seo a chomhlíonadh.
Seo a leanas na deich bpór madraí lena mbaineann na srianta breise seo:
- Tarbh-Bhrocairí Meiriceánacha.
- Tarbhmhaistíní.
- Pinséirí Doberman.
- Tarbh-Bhrocairí Sasanacha.
- Sípéirí Gearmánacha/ Alsáisigh.
- Aicítí Seapánacha.
- Tósaí Seapánacha.
- Dronnaigh Róidéiseacha.
- Rótvaidhléirí.
- Tarbh-Bhrocairí Staffordshire.
- Iallmhadraí.
Baineann na srianta seo le gach tréithchineál, crosphór nó cineál eile madraí a bhfuil cur síos déanta orthu thuas.
Pórtha Srianta i dTionóntachtaí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Ar mhaithe le dea-bhainistíocht eastáit, thug Roinn Seirbhísí Tithíochta agus Pobail Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath toirmeasc isteach ar na deich bpór madraí srianta seo i dtionóntachtaí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá an toirmeasc seo i bhfeidhm ó 2007.
Srianta ar Mhadraí Bulaí XL
Ó Dheireadh Fómhair 2024, toirmisceann rialacháin nua iompórtáil, pórú, díol agus úinéirí nua a fháil do Mhadraí Bulaí XL. Ní mór d’úinéirí ar mian leo a Madra Bulaí XL a choinneáil agus a bhfuil cónaí orthu i gceantar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath iarratas a sheoladh chugainn chun Teastas Díolúine a fháil roimh an 1 Feabhra 2025.
Déan teagmháil leis an Aonad um Leas Ainmhithe
Má tá aon cheist agat maidir le do fhreagrachtaí mar úinéir madra, déan teagmháil leis an Aonad um Leas Ainmhithe trí úsáid a bhaint as na sonraí thíos. Tá ár maoir ar fáil chun comhairle a chur ort maidir le haon saincheist nó ceist a d’fhéadfadh a bheith agat maidir le húinéireacht madraí fhreagrach.