Sábháilteacht ó Dhóiteán um Nollaig
Is tréimhse dhraíochtúil í an Nollaig, ach bíonn rioscaí breise sábháilteachta ag baint léi. Tá roinnt leideanna ag Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath chun cabhrú leat aon tubaistí a sheachaint sa bhaile nó san ionad oibre.
Is féidir le maisiúcháin Nollag agus coinnle a bheith mar bhaol. Chun cabhrú leat fanacht sábháilte an séasúr féile seo, roinneann Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath a leideanna maidir le cosc dóiteáin agus sábháilteacht dóiteáin don Nollaig.
Crainn Nollag
Tá crainn Nollag shaorga níos sábháilte ná na fíorchinn mar go bhfuil siad dó-obach. Agus crann saorga á roghnú agat, seiceáil an bhfuil fíormharc CE air. Léirítear leis sin go gcomhlíonann sé na caighdeáin sábháilteachta Eorpacha a bhfuiltear ag súil leo. (Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí.)
De ghnáth, comhlíonfaidh crainn Nollag a cheannaítear ó mhiondíoltóirí dea-cháile na caighdeáin ábhartha. Mar sin féin, má roghnaíonn tú ceannach ar líne ó shuíomh ceantála nó ó chuideachta nach bhfuil tú eolach uirthi, d’fhéadfá do chearta tomhaltóirí, do bharántas agus do shábháilteacht a chur i mbaol. Ní bhíonn táirgí ar líne i gcónaí ag cloí leis na caighdeáin sábháilteachta a bhfuiltear ag súil leo.
Má roghnaíonn tú fíorchrann, déan cinnte bonn a úsáid atá oiriúnach chun an crann a uisciú. Coinneoidh sé sin an crann hiodráitithe agus níos glaise, rud a chinnteoidh go gcaillfidh sé níos lú duillí spíonacha, go mairfidh sé níos faide agus go mbeidh sé níos dó-obaí.
Agus tú ag maisiú do chrainn Nollag, bain úsáid as soilse crainn Nollag LED ísealfhuinnimh, ísealteasa. Ná húsáid coinnle choíche ar do chrann Nollag ná in aice leis.
Nuair a bheidh séasúr na féile thart, bí cinnte do chrann Nollag a chaitheamh amach ag ionad athchúrsála nó ag pointe fágála ainmnithe. Ná dóigh do chrann i dteallach ná i sorn.
Soilse Nollag
Agus tú ag maisiú do thí nó d’ionaid oibre, bain úsáid as soilse LED ísealfhuinnimh, ísealteasa pé áit is féidir leat. Seiceáil go bhfuil fíormharc sábháilteachta CE orthu freisin.
Sula gcuireann tú soilse suas, seiceáil an sreangú le haghaidh sceitheadh, cor nó naisc bhriste. Is fearr na soilse a chaitheamh amach má aimsíonn tú aon fhadhbanna.
Níor cheart duit soilse don taobh amuigh a úsáid ach amháin lasmuigh. Tá rátáil níos fearr acu maidir le Cosaint Iontrála, rud a fhágann go bhfuil siad frithsheasmhach in aghaidh taise agus uisce. Cinntigh go bhfuil na sreanga agus na naisc go léir a úsáideann tú rátáilte lena n-úsáid lasmuigh. Ná cuir sreanga trí fhuinneoga mar go ndéanfaidh sé sin damáiste don chábla agus seans, do d’fhuinneog.
Mar fhocal scoir, agus tú ag plugáil isteach do shoilse Nollag, ná cuir ró-ualach ar na soicéid, agus seachain cáblaí sínteacha a úsáid. Díphlugáil gach rud nuair a théann tú a luí nó nuair a fhágann tú an teach. Ná húsáid lasca ama.
Coinnle
Is riosca sábháilteachta ó dhóiteán iad coinnle ag am ar bith den bhliain. Déan iarracht coinnle LED in-athúsáidte a roghnú seachas na fíorchinn. Mar sin féin, má roghnaíonn tú fíorchoinnle a úsáid, déan cinnte go gcuirtear iad i gcoinnleoir atá méadar amháin ar a laghad ó aon rud inlasta. Ba chóir duit a chinntiú freisin go gcoinnítear iad amach ó leanaí agus peataí.
Ná cuir an coinnleoir ar theilifíseán ná ar dhromchlaí atá déanta as plaisteach nó snáithínghloine. Roghnaigh dromchla dó-obach ina ionad. Ná fág coinneal ar lasadh choíche nuair a fhágann tú seomra - fiú ar feadh nóiméad amháin.
Cláir Coisc Dóiteáin
Tá cosaint Bhaile Átha Cliath ó dhóiteáin agus ó éigeandálaí eile lárnach i ngach rud a dhéanaimid. Reáchtálann Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath roinnt cláir sábháilteachta ó dhóiteán, lena n-áirítear cuairteanna scoile agus cainteanna sábháilteachta, a bhfuil sé mar aidhm acu an pobal a spreagadh chun páirt a ghlacadh i gcosc dóiteáin.
Más mian leat go dtabharfadh oifigeach dóiteáin cuairt ar do phobal, do scoil nó d’ionad oibre, déan teagmháil, le do thoil.