Sábháilteacht ó Dhóiteán ar Scoil

Faigh amach comhairle agus treoir Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath maidir le sábháilteacht ó dhóiteán ar scoil, lena n-áirítear na trí riail órga, gnáthaimh sábháilteachta ó dhóiteán, pleanáil druileanna dóiteáin agus oiliúint dóiteáin.

Na Trí Riail Órga

  1. Caith súil timpeall do scoile agus faigh réidh leis na guaiseacha.
  2. Suiteáil córas braite agus aláraim dóiteáin chun rabhadh luath a thabhairt.
  3. Ullmhaigh plean aslonnaithe agus déan cleachtadh rialta.

Gnáthamh Sábháilteachta ó Dhóiteán i Scoileanna

Ba cheart gnáthamh rialta a dhéanamh d’aird a thabhairt ar na réamhchúraimí dóiteáin seo a leanas i ngach scoil:

  • A chinntiú go bhfuil na bealaí éalaithe go léir ón scoil saor ó bhacainní agus gur féidir iad a rochtain ag gach tráth. Níor cheart doirse ar bhealaí éalaithe a chur faoi ghlas choíche nuair a bhíonn duine ar bith san fhoirgneamh. Ba cheart go mbeifí in ann doirse amach a oscailt gan stró agus láithreach ón taobh istigh.
  • Ba cheart doirse dóiteáin a choimeád dúnta ag gach tráth. Ní féidir ach le gléas leictreamaighnéadach coinneála ar oscailt atá ceangailte leis an gcóras braite agus aláraim dóiteáin na doirse sin a choimeád ar oscailt.
  • Córas cigireachtaí rialta ar threalamh comhraicthe dóiteáin garchabhrach a chur i bhfeidhm, ar nós múchtóirí dóiteáin agus spóil phíobáin.
  • Na córais braite agus aláraim dóiteáin agus an soilsiú éigeandála a thástáil go rialta, agus cuntas a choimeád ar na torthaí cigireachta agus aon ghníomhartha a rinneadh sa chlár sábháilteachta ó dhóiteán.
  • A chinntiú go bhfuil na fógraí treorach dóiteáin inléite agus infheicthe.
  • A chinntiú go dtugtar faoi dhruileanna tréimhsiúla aslonnaithe dóiteáin.
  • Oiliúint a chur ar na baill foirne go léir chun trealamh comhraicthe dóiteáin garchabhrach a úsáid agus a chinntiú go mbíonn siad ullamh chun dul i mbun gnímh i gcás dóiteáin.
  • Gan stóráil ábhar indóite i gclóis staighre a cheadú, faoi staighrí nó feadh bealaí éalaithe, ar nós pasáistí.
  • Déan an réamhchúram leordhóthanach nuair a bhíonn úsáid á baint agat as páipéar nó ábhair thanaí eile ar mhaithe le maisiúcháin, agus ná húsáid olann chadáis don chuspóir sin choíche. Ná croch maisiúcháin mar sin ó fheistithe solais ná i ngar d’fhearais.
  • Bí an-chúramach nuair a bhíonn drámaí scoile á léiriú agus ag cóisirí scoile ionas nach mbeidh aon dóchúlacht ann go rachadh feistis nó prapaí trí thine.

Seiceálacha Iarscoile

Déan cigireacht i ndiaidh uaireanta scoile leis an méid seo a leanas a chinntiú:

  • Tá gach gléas téimh, feistithe gáis agus gléasanna eile a tháirgeann teas múchta, agus fágadh sábháilte iad.
  • Níl aon ábhar indóite d’aon sórt i ngar d’fhoinse fhéideartha adhainte.
  • Tá gach ceimiceán i saotharlanna a d’fhéadfadh a bheith baolach stóráilte go sábháilte.
  • Tá gach ábhar glantacháin, amhail ceirteacha olúla, ceirteacha snasta, cinn mhapa, stóráilte i gceart i seomra stórais oiriúnach a bhfuil an doras dúnta air.
  • Níl bruscar agus dramhaíl indóite carntha i saotharlanna, ceardlanna, seomraí ceardaíochta, seomraí coire nó áiteanna eile sa scoil.

Druileanna Dóiteáin do Scoileanna

Tá an fhreagracht ar phríomhoide na scoile agus ar an mbord bainistíochta a chinntiú go ndéantar druileanna aslonnaithe dóiteáin go rialta. Ba chóir druileanna aslonnaithe dóiteáin a dhéanamh uair amháin ar a laghad in aghaidh an téarma scoile.

Caithfidh gach gnáthamh dóiteáin a bheith bunaithe ar nós imeachta simplí éifeachtúil, a beartaíodh go sonrach don áitreabh scoile inar gá dó feidhmiú.

Caithfear breithniú grinn a dhéanamh ar na pointí seo a leanas:

Cuspóir Druileanna Dóiteáin

An aidhm atá le druileanna dóiteáin ná an méid seo a leanas a chinntiú i gcás dóiteáin trí oiliúint agus cleachtadh:

  • Gníomhaíonn na daoine a d’fhéadfadh a bheith i mbaol ar bhealach socair ordúil.
  • Tugann siad siúd a bhfuil freagrachtaí sainithe orthu faoina dtascanna chun sábháilteacht gach duine lena mbaineann a chinntiú.
  • Úsáidtear na bealaí éalaithe i gcomhréir le plean réamhshocraithe agus cleachta.
  • Baintear aslonnú an fhoirgnimh amach ar bhealach éifeachtach agus ordúil.
  • Go bhfreagróidh daoine go stuama nuair a bhíonn orthu déileáil le tine nó éigeandáil eile ar scoil nó in áiteanna eile.

Gnáthamh Druile Dóiteáin a Phleanáil

Ba chóir machnamh grinn a dhéanamh agus gnáthamh druile dóiteáin do scoile á chruthú. Agus druil á pleanáil agat, ba cheart duit a bheith ar an eolas faoi na critéir seo a leanas:

  • Ba cheart, sa druil dóiteáin, go ndéanfaí aithris ar chás nach mbíonn bealach éalaithe amháin ar fáil.
  • Ba cheart gach druil dóiteáin a thosú trí chomhartha réamhshocraithe a úsáid.
  • Ba cheart an t-áitreabh scoile iomlán a sheiceáil faoi mar a bheadh fíor-aslonnú ar siúl.
  • Caithfear duine sinsearach amháin a ainmniú mar an duine atá i gceannas ar an druil dóiteáin.

Ó thaobh druileanna dóiteáin le haghaidh scoileanna, caithfear machnamh a dhéanamh ar aois na ndaltaí a fhreastalaíonn ar an scoil agus ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil aon leanaí ann a bhfuil riachtanais speisialta acu a bhféadfadh cúnamh a bheith ag teastáil uathu le linn druil nó cás dóiteáin.

Ba cheart go mbunófaí gnáthaimh druile dóiteáin ar shraith ríthábhachtach imeachtaí lena n-áirítear na sé chéim seo a leanas:

1. Oibriú an aláraim

Caithfidh duine ar bith a aimsíonn lasadh dóiteáin an t-aláram dóiteáin is gaire a chur i ngníomh gan mhoill ar bith.

2. Fios a Chur ar an mBriogáid Dóiteáin

Ba cheart an bhriogáid dóiteáin a chur ar an eolas láithreach bonn faoi gach dóiteán a lastar nó aon dóiteán amhrasta, is cuma cé chomh beag, ar an mbealach is tapúla atá ar fáil.

D’fhéadfaí an tasc sin a thabhairt do rúnaí na scoile mar go mbeidh fáil éasca ar ghuthán acu i gcónaí. Má tá duine eile ainmnithe agat chun an fhreagracht sin a chur i gcrích, déan cinnte go mbeidh teacht láithreach ar ghuthán acu ag gach tráth.

3. Aslonnú

Nuair a chloistear an t-aláram dóiteáin, caithfear a rá leis na daltaí an foirgneamh a fhágáil duine i ndiaidh duine agus ar bhealach socair, ordúil.

Caithfidh an duine atá i gceannas ar gach rang an bealach éalaithe a thabhairt le fios a úsáidfear, agus caithfear gach duine a dhíriú chuig pointe tionóil réamhshocraithe.

Seo roinnt rudaí le coinneáil i gcuimhne:

  • Caithfear socruithe ar leith a dhéanamh do dhaltaí atá faoi mhíchumas fisiciúil nó meabhrach lena chinntiú go gcabhrófar leo i rith aslonnú.
  • Níor cheart aon rith a cheadú chun scaoll a sheachaint.
  • Caithfidh gach duine dul síos staighrí duine i ndiaidh duine, agus ní féidir ceadú d’aon duine dul chun tosaigh ar a chéile.
  • Ní cead ardaitheoirí a úsáid.
  • Caithfidh aon duine nach bhfuil sa rang nuair a bhuailtear an t-aláram dóiteáin dul láithreach bonn chuig an bpointe tionóil.

4. Teacht Le Chéile ag an bPointe Tionóil

Caithfear limistéar lasmuigh d’áitreabh na scoile a ainmniú mar phointe tionóil. Nuair a bheidh do dhaltaí agus do bhaill foirne bailithe ann, ná ceadaigh d’aon duine an foirgneamh a athiontráil go dtí go n-inseoidh Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath nó, i gcás druil dóiteáin, an duine i gceannas, dóibh amhlaidh a dhéanamh.

Seo roinnt leideanna maidir le pointí tionóil dóiteáin do scoile a roghnú:

  • Caithfidh an pointe tionóil a bheith fada go leor amach ó áitreabh na scoile le cosaint a thabhairt ó theas agus deatach dóiteáin nó ó éigeandáil eile.
  • Caithfidh an pointe tionóil a bheith in áit nach gcuirfidh baol roimh na daltaí agus na baill foirne ó na feithiclí éigeandála atá ag freagairt don teagmhas.
  • Ní mór an pointe tionóil a bheith marcáilte go soiléir agus inaitheanta go héasca.

5. An Rolla a Ghlaoch

Ba cheart na cláir thinrimh agus leabhair cuairteoirí a choimeád ag pointe lárnach, agus caithfear iad a thabhairt chuig an bpointe tionóil nuair a bhuailtear an t-aláram. Ba chóir go mbeadh freagracht fhoriomlán ar dhuine amháin as a chinntiú go ndéantar glaoch rolla i gcás druil dóiteáin nó aslonnú.

Nuair atá na ranganna tagtha le chéile ag an bpointe tionóil, caithfear an rolla a ghlaoch nó daoine a chomhaireamh láithreach lena dheimhniú nach bhfuil duine ar bith fós san áitreabh. Caithfear aon chuairteoirí nó conraitheoirí san áitreabh ag an tráth sin a chur san áireamh. Caithfear an comhaireamh a sheiceáil trí úsáid a bhaint as an gclár tinrimh agus leabhar na gcuairteoirí lena dheimhniú go bhfuil gach duine taobh amuigh den fhoirgneamh.

Caithfidh gach múinteoir tuairisc a thabhairt don duine ainmnithe atá i gceannas ar an nós imeachta aslonnaithe lena dheimhniú go bhfuil gach duine atá faoina gceannas sa chomhaireamh nó chun é/í a chur ar an eolas faoi aon duine atá ar iarraidh.

6. Bualadh leis an tSeirbhís Dóiteáin

Caithfidh an duine i gceannas ar an nglaoch rolla é/í féin a chur in aithne do Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath ar theacht dóibh. Agus é sin á dhéanamh, is féidir eolas ríthábhachtach a thabhairt don Oifigeach Dóiteáin ar a mbraithfidh gníomhartha na Briogáide Dóiteáin.

Beidh Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath ag iarraidh a fháil amach an bhfuil tuairisc ar gach duine. Mura bhfuil, beidh orthu a bheith ar an eolas faoi:

  • Cé mhéad duine atá ar iarraidh?
  • Cá mbíonn siad de ghnáth?
  • Cá bhfacthas iad an uair dheireanach?
  • Cá bhfuil an dóiteán?
  • Cad atá trí thine? (B’fhéidir nach mbeidh sé sin soiléir).
  • An bhfuil aon substaintí guaiseacha bainteach sa dóiteán nó stóráilte san fhoirgneamh? D’fhéadfadh ceimiceáin, tuaslagóirí, gás peitriliam leachtach, sorcóirí aicéitiléine a bheith i gceist.

Treoir, Oiliúint agus Taifeadadh

Le linn na chéad seachtaine den téarma, nó a luaithe agus is féidir go praiticiúil, ba cheart príomhbhealaí éalaithe na scoile a thaispeáint do gach iontrálaí nua ar an scoil - lena n-áirítear na daltaí, an fhoireann agus an fhoireann tacaíochta.

Ba cheart treoir a thabhairt dóibh, chomh maith, maidir le gnáthamh aslonnaithe dóiteáin na scoile agus aon oiliúint ábhartha.

  • Ba cheart treoir a thabhairt do gach ball foirne, agus oiliúint a chur orthu, atá oiriúnach dá bhfreagrachtaí i gcás aon éigeandála.
  • Ba cheart do dhuine inniúil treoir a thabhairt do gach ball foirne gach bliain. Ba cheart cóip phearsanta de threoracha ullmhaithe i scríbhinn a thabhairt dóibh go léir. Ba cheart sonraí faoi conas fios a chur ar an mBriogáid Dóiteáin a bheith sa treoir sin freisin.
  • Ba cheart treoir a thabhairt do bhaill foirne nua-cheaptha a luaithe agus is féidir i ndiaidh a gceapachán.

Freagrachtaí a Shannadh

In áitreabh mór, ba cheart go leagfaí freagracht ar dhuine ar leith as oiliúint foirne a eagrú. Ba chóir duine eile a ainmniú chun gníomhartha na foirne a chomhordú i gcás dóiteáin. Ba cheart socruithe a dhéanamh freisin go dtabharfadh ionadaí nó ionadaithe faoi na dualgais thuas nuair nach mbíonn na daoine ainmnithe sin i láthair.

In áitreabh níos lú, ní gá freagracht a leagan ach ar dhuine ar leith amháin as an dá chúram sin, ach ba cheart socruithe a dhéanamh go dtabharfadh ionadaí faoi na dualgais sin nuair nach mbíonn an duine ainmnithe i láthair.

Taifid a Choinneáil

Ba cheart taifead ar an oiliúint agus ar an treoir a tugadh, chomh maith leis na druileanna dóiteáin a cuireadh ar siúl, a iontráil i gclár sábháilteachta ó dhóiteán na scoile. Áireofar an méid seo a leanas leis:

  • Dáta na treorach nó na druile dóiteáin.
  • Fad.
  • Ainm an duine a thug an treoir.
  • Ainm(neacha) an duine/na ndaoine ar tugadh an treoir dóibh.
  • Cineál na treorach nó na druile dóiteáin.

Conas is Féidir le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath Cabhrú

Tá sé croílár ár gcuid oibre Baile Átha Cliath a choinneáil slán ó dhóiteáin agus ó éigeandálaí eile. Tá cláir ag Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath a chuireann an pobal páirteach i gcosc dóiteáin.

Má theastaíonn uait go dtabharfadh oifigeach dóiteáin caint do do mhic léinn nó do fhoireann, déan teagmháil linn thíos.

Contact Details