Sábháilteacht ó Dhóiteán do Scútair Leictreacha, Rothair Leictreacha agus Gluaischothromáin

Faigh amach faoi na rioscaí sábháilteachta ó dhóiteán a bhaineann le scútair leictreacha, rothair leictreacha agus gluaischothromáin.

Tá scútair leictreacha, rothair leictreacha agus gluaischothromáin ag éirí coitianta ar shráideanna Bhaile Átha Cliath. Is iontach an teicneolaíocht iad. Mar sin féin, bíonn a rioscaí sábháilteachta ó dhóiteán féin ag baint leo freisin.

Seo leideanna ó Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath chun tine thubaisteach a sheachaint. (Le haghaidh leideanna maidir le sábháilteacht ar bhóithre áfach, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an ÚSB.)

Cad Is Gá a bheith ar Eolas agat agus Leagan á Roghnú Agat

Agus rothar leictreach, scútar leictreach nó gluaischothromán á cheannach agat, tá sé tábhachtach dul chuig miondíoltóir dea-cháile.

Má shocraíonn tú ceann a cheannach ar líne ó shuíomh ceantála nó ó chuideachta nach bhfuil tú eolach uirthi, d’fhéadfá do chearta tomhaltóra agus do bharántas a chur i mbaol. Níos measa fós, d’fhéadfá do shábháilteacht a chur i mbaol mar go bhféadfadh sé nach gcomhlíonfadh an táirge na caighdeáin sábháilteachta a bhfuiltear ag súil leo.

Agus scútar leictreach, rothar leictreach nó gluaischothromán á roghnú agat, ba cheart duit na nithe seo a dhéanamh:

  • Cinntigh go bhfuil fíormharc CE air - gheobhaidh tú eolas faoi fhíormharcanna CE a aithint ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí.
  • Seiceáil an pacáistiú le haghaidh faisnéis inrianaithe, amhail ainm agus sonraí teagmhála an mhonaróra.
  • Seol an táirge ar ais mura bhfuil an lámhleabhar leis, mura bhfuil na treoracha i dteanga a thuigeann tú nó má tá botúin litrithe/ghramadaí ann.
  • Faigh teicneoir dea-cháile chun gléasanna athláimhe a sheiceáil mar ní bheidh a stair ar eolas agat.

Luchtú agus Sábháilteacht Ceallraí

Is éard is cadhnraí ian litiam, ar a dtugtar cadhnraí "li-ion" nó CILanna freisin, ann ná cadhnraí éadroma lena gcumhachtaítear scútair leictreacha, rothair leictreacha agus gluaischothromáin. Bíonn siad sábháilte nuair a úsáidtear i gceart iad, ach bíonn riosca dóiteáin ann nuair a bhíonn siad róluchtaithe, gearrchiorcadta, báite in uisce nó damáistithe.

Má tá rothar leictreach nó scútar leictreach agat, ba chóir duit:

  • Úsáid a bhaint as an luchtaire a tháinig le do tháirge agus, más gá é a athsholáthar, fíorluchtaire ón monaróir nó ón miondíoltóir céanna a fháil.
  • Do cheallra a luchtú lasmuigh, más féidir. NÁ luchtaigh do rothar leictreach ná do scútar leictreach CHOÍCHE i spás comhchoiteann bloic árasán - is bealach éalaithe dóiteáin faoi chosaint é sin.
  • Más gá duit do cheallra a luchtú laistigh, roghnaigh suíomh ónar féidir leat éalú ó na seomraí go léir i d’áit chónaithe i gcás tine. Mar shampla, ná luchtaigh do rothar leictreach ná do scútar leictreach sa halla mar d’fhéadfadh sé sin bac a chur ort imeacht.
  • Pleanáil do bhealaí éalaithe dóiteáin roimh ré.
  • Ná luchtaigh an ceallra ach chomh fada agus a thógann sé chun í a lánluchtú. Ná luchtaigh thar oíche é.
  • Díphlugáil an luchtaire má tá tú ag fágáil d’áite cónaithe, fiú mura bhfuil ann ach cúpla nóiméad.
  • Ná clúdaigh scútair leictreacha, rothair leictreacha ná gluaischothromáin le hinslitheoirí, amhail cótaí nó geansaithe. Téifidh an ceallra le linn úsáide agus le linn luchtú, agus ní mór don teas sin scaipeadh.
  • Má thugann tú faoi deara go bhfuil do scútar leictreach, do rothar leictreach nó do ghluaischothromán ag freagairt go neamhrialta, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina chomhartha go bhfuil an ceallra damáistithe agus go gcaithfear é a athsholáthar.

Cad Atá Le Déanamh Má Tá Do Scútar Leictreach nó Do Rothar Leictreach Trí Thine

Má thugann tú boladh dóite faoi deara, má chloiseann tú pléascanna nó fuaimeanna siosarnacha, má fheiceann tú deatach, scaoileadh gáis nó lasracha, ní mór duit aslonnú láithreach. Tá múch thar a bheith tocsaineach, agus is féidir léi a bheith marfach má ionanálaítear í.

Táirgeann cadhnraí ian litiam a n-ocsaigin féin nuair a dhóitear iad, agus méadóidh an tine go tapa. D’fhéadfadh ‘imoibriú teirmeach ó smacht’ tarlú leis na cadhnraí sin freisin. Má tharlaíonn sé sin, beidh sé thar a bheith deacair an tine a mhúchadh, agus ní bheidh múchtóirí comhraicthe dóiteáin tí éifeachtach.

Má Tá Do Scútar Leictreach, Do Rothar Leictreach nó Do Ghluaischothromán Trí Thine, ba chóir duit na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Díphlugáil an luchtaire más sábháilte é sin a dhéanamh.
  • Dún doras an tseomra nó an árasáin ina bhfuil an tine. Cabhróidh sé sin leis an deatach agus an tine a choinneáil faoi smacht ionas go mbeidh am agat féin agus ag daoine eile éalú.
  • Bí ag béicíl chun an teach a aslonnú nó, i mbloc árasán, brúigh ar an aonad gloine aláraim dóiteáin.
  • Glaoigh ar 999 nó 112 nuair a bheidh sé sábháilte déanamh amhlaidh, agus inis don té a ghlacann an glao go bhfuil scútar leictreach nó rothar leictreach i gceist.
  • Ná téigh isteach san fhoirgneamh arís ar chúis ar bith!
  • Buail leis na comhraiceoirí dóiteáin nuair a thagann siad, mínigh dóibh cá bhfuil an tine agus go bhfuil scútar leictreach nó rothar leictreach i gceist.
  • Má thugann tú boladh dóite faoi deara, má chloiseann tú pléascanna nó fuaimeanna siosarnacha, má fheiceann tú deatach, scaoileadh gáis nó lasracha, ní mór duit aslonnú láithreach. Tá múch thar a bheith tocsaineach, agus is féidir léi a bheith marfach má ionanálaítear í.

Cláir um Chosc Dóiteáin Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath

Tá cosaint Bhaile Átha Cliath ó dhóiteáin agus ó éigeandálaí eile lárnach i ngach rud a dhéanaimid. Reáchtálann Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath roinnt cláir shábháilteachta ó dhóiteán a bhfuil sé mar aidhm acu an pobal a spreagadh chun páirt a ghlacadh i gcosc dóiteáin.

Más mian leat go labhródh oifigeach dóiteáin le do scoil, do ghnó nó do phobal, déan teagmháil thíos.

Contact Details