Cláir um Shábháilteacht ó Dhóiteán i measc an Phobail
Foghlaim faoi chláir um shábháilteacht ó dhóiteán Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath do phobail agus do leanaí.
Tá iarracht a chinntiú go bhfuil Baile Átha Cliath saor ó dhóiteáin agus ó éigeandálaí eile ag croílár na hoibre atá á déanamh againn. Tá cláir éagsúla forbartha ag Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath chun béim a athrú ó fhreagairt do dhóiteáin go dtí deis a thabhairt don phobal a bheith páirteach i ndóiteáin a chosc.
Tá ár gcláir ar fáil do scoileanna, gnóthaí, áiteanna oibre agus grúpaí eile sa phobal áitiúil ar fud Bhaile Átha Cliath. Ina measc, tá:
Clár Scoileanna Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath
Gach bliain, tugann comhraiceoirí dóiteáin cuairt ar gach bunscoil i gcathair agus i gcontae Bhaile Átha Cliath chun cainteanna maidir le sábháilteacht ó dhóiteán a thabhairt do dhaltaí rang a trí.
Mar chuid den chlár, tugtar pacáiste staidéir do na mic léinn chun tabhairt abhaile leo ina bhfuil iniúchadh sábháilteachta ó dhóiteán don bhaile agus litir do thuismitheoirí. Is é an aidhm atá ann go mbeadh na mic léinn airdeallach ar shábháilteacht ó dhóiteán sa bhaile.
Cainteanna agus Cuairteanna maidir le Sábháilteacht ó Dhóiteán i measc an Phobail
Tabharfaidh oifigigh dhóiteáin cainteanna maidir le sábháilteacht ó dhóiteán do ghrúpaí éagsúla sa phobal, agus do ghnóthaí agus d’áiteanna oibre ar fud na cathrach. Dáileann siad faisnéis ábhartha maidir le sábháilteacht ó dhóiteán agus é mar aidhm deis a thabhairt do níos mó daoine baint a bheith acu le dóiteáin a chosc.
Comórtas Ealaíne maidir le Sábháilteacht ó Dhóiteán
Gach bliain, eagraímid comórtas ealaíne do bhunscoileanna i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Spreagann an comórtas seo leanaí chun a bheith ag foghlaim faoi shábháilteacht ó dhóiteán ar scoil ar bhealach spraíúil agus a bheith airdeallach ar shábháilteacht ó dhóiteán sa bhaile.
As na hiarratais ar fad a fhaightear, roghnaítear 12 buaiteoir gach bliain. Bronntar duais ar na mic léinn féin, ar a scoil agus bíonn na saothair ealaíne bhuacacha le feiceáil i bhféilire sábháilteachta ó dhóiteán na bliana dár gcionn. Cuirtear cóip den fhéilire ar fáil do gach scoil.
An tSeachtain um Shábháilteacht ó Dhóiteán
Gach fómhar, reáchtáiltear an tSeachtain um Shábháilteacht ó Dhóiteán ar fud oileán na hÉireann i gcomhpháirt le Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Thuaisceart Éireann.
I rith na Seachtaine um Shábháilteacht ó Dhóiteán, beidh ár bhfógraí le feiceáil sa nuachtán agus ar an teilifís. Chomh maith leis sin, beidh ár n-oifigigh dhóiteáin le feiceáil in ionaid siopadóireachta mórthimpeall ar Bhaile Átha Cliath agus beidh siad ag labhairt ar an raidió agus é mar aidhm acu an scéal maidir le sábháilteacht ó dhóiteán a scaipeadh.
Reáchtáiltear ár searmanas bronnta duaiseanna do bhuaiteoirí an Chomórtais Ealaíne maidir le Sábháilteacht ó Dhóiteán i dTeach an Ardmhéara i rith na seachtaine seo freisin.
Laethanta Oscailte i Stáisiúin Dóiteáin Bhaile Átha Cliath
Ag uaireanta difriúla i rith na bliana, osclaíonn stáisiúin dóiteáin ar fud Bhaile Átha Cliath a ndoirse agus fáiltíonn siad pobail áitiúla isteach. Tugaimid cuireadh do chuairteoirí chuig léirithe agus taispeántais a thugann léargas ar an méid a dhéanann Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath agus a comhpháirtithe sna seirbhísí éigeandála eile.
Coinnigh súil ar ár leathanach Twitter chun sonraí a fháil maidir le laethanta oscailte a bheidh ar siúl ag do stáisiún áitiúil go luath.
Acmhainní Ealaíon agus Ceardaíochta
Chruthaigh Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath roinnt bileoga dathúcháin spraíúla do leanaí, mar aon le roinnt samhlacha gearrtha mionsonraithe a thugann deis do leanaí feithicil éigeandála dá gcuid féin a fhorbairt.
Cliceáil ar na híomhánna thíos chun cóip PDF de na bileoga oibre a íoslódáil.
Déan teagmháil le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath
Tá spéis i gcónaí ag Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath i ndeiseanna chun eolas maidir le sábháilteacht agus cosc dóiteáin a scaipeadh. Dá mba rud é gur mhaith leat go dtabharfaidh oifigeach dóiteáin caint i do scoil, ionad oibre nó pobail, déan teagmháil linn thíos.