I gcás éigeandála
I gCás Éigeandála, glaoigh ar 999 nó 112.
I gcás éigeandála, glaoigh ar 999 nó 112.
Cathain ba cheart duit glao ar 999 nó 112?
Glaoigh i gcónaí ar 999/112 má tá duine an-bhreoite nó má gortaíodh go dona iad, agus má tá a mbeatha i mbaol.
Mura bhfuil éigeandáil ann a bhagraíonn ar an mbeatha agus mura dteastaíonn cóir leighis láithreach bonn uait nó an duine atá in éineacht leat, déan machnamh ar na roghanna thíos sula nglaonn tú ar 999:
- Aire a thabhairt duit féin nó don othar sa bhaile. Mura féidir leat fanacht sa bhaile, fiosraigh an bhfuil duine muinteartha nó cairde in ann cabhrú leat.
- Labhair le do chógaiseoir áitiúil.
- Tabhair cuairt ar nó glaoigh ar do dhochtúir ginearálta.
- Déan do bhealach féin chuig roinn éigeandála an ospidéil
Cuirtear líon mór glaonna orainn d’othair nach dteastaíonn freagairt éigeandála uathu ag otharcharr a mbíonn soilse gorma ar lasadh air agus na bonnáin ag fuaimniú air ach go bhféadfaí cóir ní b’oiriúnaí a chur orthu trí thabhairt faoi chúram de chineál eile. Roghnaigh an chóireáil is fearr do do chuid riachtanas. Cabhraíonn sinn linn cúnamh a thabhairt do na daoine is mó óna dteastaíonn sé.
Cad a tharlaíonn nuair a ghlaonn tú ar 999 nó 112?
Nuair a chuirtear glaonna ar otharcharr ar ár nIonad Rialaithe, freagraítear láithreach iad. Iarrfaidh an duine a fhreagraíonn na glaonna ar an nglaoiteoir a n-uimhir ghutháin a thabhairt agus a insint dóibh cár tharla an teagmhas agus cad atá i gceist leis an othar. Chun an t-eolas seo a sheiceáil faoi dhó, léann an duine a d’fhreagair an glao na sonraí go léir seo ar ais don ghlaoiteoir. Úsáideann ár bhfreagróirí glaonna agus ár Riarthóirí bogearraí leis an nglao a iontráil i gceann amháin de thrí chatagóir atá bunaithe ar a phráinne agus lena chinntiú go seoltar an fhreagairt chuí. Tugtar freagairt do gach glao atá oiriúnach dá chatagóiriú.
Tugtar tús áite do ghlaonna éigeandála 999 nó 112 a chuirtear ar Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, an tseirbhís tarrthála agus otharcharranna isteach i dtrí chatagóir lena chinntiú go dtugtar an fhreagairt is tapúla do chásanna ina mbagraítear ar an mbeatha.
- Tá baol láithreach don bheatha – má tá duine éigin fíor-bhreoite nó má gortaíodh go dona iad, agus má tá a mbeatha i mbaol. Samplaí d’éigeandálaí leighis iad seo a leanas (ach níl siad teoranta dóibh): má bhíonn pian éigin chliabhraigh ar dhuine, má bhíonn deacracht chun análú, neamh-chomhfhiosacht, caillteanas trom fola, dónna nó scalladh trom, tachtadh, taomanna nó comhtholgadh, bá nó frithghníomhuithe troma ailléirgeacha.
- Breoiteacht nó gortuithe tromchúiseacha, ach nach mbagraíonn don bheatha
- Gach glao eile – ar riochtaí nach mbagraíonn don bheatha.
Úsáideann freagróirí glaonna inár n-ionad rialaithe Ardchóras Seachadta Tosaíocht Leighis (AMPDS), a úsáideann eolas a bailíodh ón nglaoiteoir, chun tús áite a thabhairt don ghlao agus a chinntiú go seoltar an acmhainn cheart otharchairr chuig an láthair.
Is féidir leis na freagróirí glaonna comhairle leighis a thabhairt don ghlaoiteoir, chomh maith, fad a bhíonn an t-otharcharr nó na hinnill dóiteáin ar an mbealach, a chinntíonn nach gcailltear am ar bith chun cúram leighis a thabhairt.
Cén t-eolas a theastaíonn uaim nuair a ghlaoim ar 999 nó 112?
Nuair a ghlaonn tú ar na seirbhísí éigeandála, fiafróidh oibreoir díot cén tseirbhís a theastaíonn uait. Más éigeandáil leighis é, iarr ar an tseirbhís otharchairr agus atreorófar thú chuig duine dár bhfreagróirí glaonna. Más éigeandáil dóiteáin atá ann, iarr ar dhóiteán agus aistreofar thú chuig an bhfreagróir glaonna cuí. Is féidir a fhiafraí díot cén ceantar ina bhfuil tú ag glao.
Beidh ort an t-eolas seo a leanas a bheith ar fáil agat nuair a ghlaonn tú orainn:
- An áit a bhfuil tú;
- An uimhir ghutháin óna bhfuil tú ag glao;
- An méid díreach a tharla.
A luaithe is eol dúinn cá bhfuil tú, tosóimid le cabhair a shocrú duit.
Dóiteán
Ceisteanna is féidir a chur ort
- An bhfuil aon duine san fhoirgneamh (daoine a tugadh le fios/a gortaíodh)
- An bhfuil sé ceangailte le réadmhaoin eile
- An láthair chruinn
- Sainchomharthaí áitiúla chun cabhrú leis an láthair a shainaithint
Eolas leighis:
Is féidir iarraidh ort, ina theannta sin, chun roinnt eolas breise a thabhairt, an méid seo a leanas ina measc:
- Aois, inscne agus aon stair leighis an othair;
- Cé acu an bhfuil an t-othar ina d(h)úiseacht/comhfhiosach, ag análú agus má tá aon fhuiliú nó pian chliabhraigh ar an othar; agus
- Sonraí faoin ngortú agus conas a tharla sé.
Ní chuirfidh sé moill orainn na ceisteanna seo a fhreagairt, ach cabhróidh sé linn comhairle thábhachtach gharchabhrach a thabhairt fad a bhíonn ár bhfoireann ar an mbealach.
Cad is féidir liom a dhéanamh sula dtagann cabhair i láthair?
Sula dtagann cabhair i láthair, treoróidh ár bhFreagróirí Glaonna thú trí na céimeanna is féidir leat a dhéanamh, ar nós an mhéid seo a leanas:
- Má tá tú sa tsráid, fan leis an othar go dtí go dtagann cabhair i láthair.
- Glaoigh ar ais orainn má thagann athrú ar riocht an othair.
- Glaoigh orainn arís má athraíonn do láthair.
- Má tá tú ag glao ón mbaile nó ón obair, iarr ar dhuine éigin chun na doirse a oscailt agus a thaispeáint d’fhoireann an otharchairr cá bhfuil siad ag teastáil.
- Coimeád aon pheataí teaghlaigh glan amach ón áit agus faoi ghlas.
- Más féidir leat, scríobh sonraí dhochtúir ginearálta an othair agus bailigh aon chógas atá á ghlacadh acu.
- Inis dúinn má tá aon ailléirgí ar an othar.
- Fan socair — cabhróidh ár bhfoireann leat.
Cé a thiocfaidh i láthair?
- Freagróidh criúnna dóiteáin i mBaile Átha Cliath ar gach dóiteán tí a dtugtar le fios go bhfuil daoine iontu, le trí inneall dóiteáin, oifigeach sinsearach agus otharcharr.
- Déanfar freagairt réamhchinnte ar dhóiteáin mhóra ag brath ar an eolas a chuirtear ar fáil nó ar an bhfreagairt ar leith mar gheall ar riosca a bhfuiltear eolach air.
- B’fhéidir nach bhfreastalóidh ach trucail dóiteáin amháin ar dhóiteán níos lú.
Cé a chuirfidh cóir ort?
Tá réimse d’fhoireann ilchumasach againn a dhéanfaidh ár n-othair a tharrtháil, a chóireáil agus a iompar, an méid seo a leanas ina measc:
- Ard-Pharaimhíochaineoirí
- Paraimhíochaineoirí
- Paraimhíochaineoirí atá inár gcriúnna dóiteáin go léir
- Oibríonn BDBÁC córas Seirbhís Leighis Éigeandála (SLÉ) bunaithe ar dhóiteán agus b’fhéidir gurb inneall dóiteáin an fhreagairt is túisce a thiocfaidh ar an láthair. Paraimhíochaineoirí oilte agus cláraithe iad Comhraiceoirí Dóiteáin uile Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath.