Luchtú Feithiclí Leictreacha
Nuair a bhíonn feithicil leictreach á luchtú i spás Íoc agus Taispeáin nó i spás Luchtaithe d’Fheithicil Leictreach (FL) Amháin i láthair Íoc agus Taispeáin, ní mór íocaíocht a dhéanamh le haghaidh páirceála le linn na n-uaireanta oibre atá léirithe ar na comharthaí sráide.
Caithfidh an carr a bheith á luchtú go gníomhach agus caithfidh ticéad bailí a bheith ar taispeáint don tréimhse a bhíonn sé páirceáilte sa Spás Luchtaithe FL.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar phointí luchtaithe leictrigh, tabhair cuairt ar www.esb.ie
Contact Details