Tagtar ar fhiadhúlra fud fad Chathair Bhaile Átha Cliath - feadh an imeallbhoird, inár n-aibhneacha agus canálacha agus sna háiteanna a ndéanann siad imeall le talamh, i bpáirceanna poiblí, reiligí, spásanna oscailte, feadh thaobh an bhóthair, rianta iarnróid agus cosán, agus i bhfaichí glasa, gairdíní príobháideacha, ballaí agus foirgnimh. Cruthaíonn an bealach a idirghníomhaíonn an fiadhúlra go léir seo bithéagsúlacht na cathrach.
Baineann ríthábhacht leis an mbithéagsúlacht seo maidir le Cathair Bhaile Átha Cliath. Caithfear é a chosaint ó speicis ionracha, athrú aeráide, caillteanas gnáthóige agus iompar daonna.
Leagtar amach sa Phlean seo straitéis Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun bithéagsúlacht na Cathrach a chaomhnú.
íoslódáil an Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Bhaile Átha Cliath 2015-2020