Roinn Cáilíochta BDBÁC
Tá Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath tiomanta do sheirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil.
Cinntíonn ár Roinn Cáilíochta go leanann ár seirbhísí ar fad ar aghaidh le hionchais an phobail agus leis na caighdeáin cháilíochta infheidhme a chomhlíonadh agus a shárú.
Tá ár Roinn Cáilíochta freagrach as:
- Iniúchtaí.
- Tuarascálacha maidir le gníomhartha ceartaitheacha.
- Seirbhísí, gníomhaíochtaí agus trealamh nua a thabhairt isteach.
- Doiciméid a rialú.
- Athbhreithniú bainistíochta.
- Suirbhéanna custaiméirí agus úsáideoirí seirbhísí.
- Bainistíocht Cáilíochta ISO 9001:2015 a Chomhordú.
Tá deimhniú ag Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath dá Chóras Bainistíochta Cáilíochta ag leibhéal ISO 9001:2015. Déanann an caighdeán idirnáisiúnta seo cur síos ar phróisis, nósanna imeachta agus gníomhaíochtaí sonracha chun tacú le seirbhís a chur ar fáil go rathúil agus cinntíonn sé gur tosaíocht don eagraíocht iad seirbhísí dóiteáin ar ardchaighdeán.
Déan teagmháil le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath
Má tá aon aiseolas agat do Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, déan teagmháil linn trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála thíos.