Táillí Glaoch Amach na Briogáide Dóiteáin
Nuair a ghlaoitear Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath amach i gcomhair teagmhas i suíomh baile nó tráchtála, gearrann sí táille ar na daoine a bhaineann tairbhe as a cuid seirbhísí.
Miondealú ar Tháillí Glaoch Amach Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath
| Seirbhís: | Cur Síos: | Táille: |
| Glaoch amach baile |
Gearrann Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath táille ar ghlaoch amach chuig gach teagmhas agus aláram baile. Ní ghearrtar aon táille ar réadmhaoine atá faoi úinéireacht údarás áitiúil. Clúdóidh roinnt polasaithe árachais tí an táille seo |
€500 don chéad uair an chloig nó cuid di, beag beann ar líon na bhfeithiclí briogáide dóiteáin a bhí i gceist. €450 do gach feithicil do gach uair an chloig nó cuid di le haghaidh na n-uaireanta ina dhiaidh sin. |
| Commercial call-outs – to include road traffic accidents | Gearrann Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath táille ar gach glaoch amach i gcomhair gach teagmhais agus aláram tráchtála. Tá timpistí tráchta bóthair san áireamh sa chatagóir seo. |
€610 don chéad uair an chloig nó cuid di, beag beann ar líon na bhfeithiclí briogáide dóiteáin a bhí i gceist. €485 do gach feithicil do gach uair an chloig nó cuid di le haghaidh na n-uaireanta ina dhiaidh sin |
Ceisteanna Coitianta
Cé a fhaigheann an bille chun íoc as dóiteán tí, bréagrabhadh nó dóiteán simléir?
- Is é úinéir an áitribh a fhaigheann an bille.
Cé a fhaigheann an bille chun íoc as timpiste tráchta bóthair?
- Is iad úinéirí cláraithe/úinéirí na feithicle/na bhfeithiclí lena mbaineann a fhaigheann an bille.
An ngearrtar táille ar an nglaoiteoir?
- Ní ghearrtar, gearrtar táille ar an duine a bhaineann tairbhe as an tseirbhís.
Cé air a ghearrtar táille más áitreabh ar cíos atá i gceist?
- Is chuig úinéir an áitribh a sheolfar an bille.
An bhfuil táille le híoc má chabhraíonn inneall dóiteáin le héigeandáil leighis?
- Níl aon táille le híoc má chabhraíonn inneall dóiteáin le héigeandáil leighis.
An gclúdaíonn m’árachas na táillí seo?
- Clúdaíonn go leor polasaithe árachais tí agus feithicle na táillí seo. Ba cheart duit do pholasaí a sheiceáil, áfach, nó ceist a chur ar do chuideachta nó bróicéir árachais maidir le do chlúdach.
Céard a tharlaíonn má dhéantar glaoch mailíseach agus nach bhfuil aon teagmhas ann i ndáiríre?
- I gcásanna ina bhfreagraíonn Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath do rud éigin ach nach bhfuil aon teagmhas dáiríre ann, ní ghearrfar aon táille.
An féidir liom an táille seo a achomharc?
Ní mór achomhairc a dhéanamh i scríbhinn agus a sheoladh chuig [email protected] nó:
Ceanncheathrú Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath,
165-169 Sráid Chnoc na Lobhar,
Baile Átha Cliath 2.
Go ginearálta, is é an t-aon fhoras achomhairc atá ann “neamhábaltacht táille a íoc”, foras nach mór a léiriú trí chóipeanna d’fháltais leasa shóisialaigh agus/nó duillíní pá a chur ar fáil. D’fhéadfaí imthosca maolaitheacha eile a mheas freisin.
Má tá ceist agat maidir le táillí glaoch amach nár freagraíodh thuas, déan teagmháil linn trí na sonraí teagmhála thíos a úsáid.