Seirbhísí Comhraicthe Dóiteáin agus Éigeandála
Tá comhraiceoirí dóiteáin agus oifigigh le fáil inár stáisiúin lánaimseartha seacht lá na seachtaine. Tá ár stáisiúin pháirtaimseartha ag feidhmiú bunaithe ar chóras glaoireachta 24 uair an chloig do theagmhais dóiteáin, tarrthála agus éigeandála leighis.
Soláthraíonn Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath (BDBÁC) seirbhís dóiteáin, otharchairr éigeandála agus tarrthála, atá go hiomlán comhtháite, do na ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath: Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, Comhairle Contae Fhine Gall agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.
Chun soláthar na seirbhíse seo a éascú, fostaíonn BDBÁC thart ar 1,000 pearsanra. Oibríonn an tseirbhís i sé cheantar agus tá 12 stáisiún dóiteáin lánaimseartha, dhá stáisiún pháirtaimseartha, flít de bhreis ar 115 feithicil, ionad oiliúna, ionad rialaithe, aonad um chosc dóiteán, feidhm riaracháin agus ceardlanna á n-oibriú aige.
Tá ár gcomhraiceoirí dóiteáin lánaimseartha oilte ar chaighdeán paraimhíochaineora agus ceanglaítear orthu clárú go leanúnach leis an gComhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil mar chleachtóirí paraimhíochaineora. Tá breis is 80 comhraiceoir dóiteáin oilte ag leibhéal ard-pharaimhíochaineora agus tá na Comhraiceoirí Dóiteáin páirtaimseartha ar fad oilte ag leibhéal céad fhreagróra éigeandála.
Ionad Rialaithe Réigiún an Oirthir
Óna cheanncheathrú ar Shráid Chnoc na Lobhar, oibríonn agus bainistíonn BDBÁC Ionad Rialaithe Réigiún an Oirthir a láimhseálann na glaonna dóiteáin, tarrthála agus éigeandála d’fhormhór Chúige Laighean. Chomh maith leis sin, láimhseálann an tIonad gach glao otharchairr éigeandála do chathair agus do chontae Bhaile Átha Cliath.
Arna chreidiúnú ag na hAcadaimh Idirnáisiúnta um Sheoladh Éigeandála mar ionad bairr feabhais, is féidir le foireann an ionaid acmhainní dóiteáin agus otharchairr a sheoladh chuig teagmhais thromchúiseacha go comhuaineach
Seirbhís Otharchairr Éigeandála
Tá flít de 12 otharcharr éigeandála le fáil i Seirbhís Otharchairr Éigeandála Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath. Tá beirt chomhraiceoirí dóiteáin nó paraimhíochaineoirí ag obair i ngach otharcharr atá réidh chun freagairt d’éigeandálaí 24 uair an chloig, 365 lá sa bhliain.
Lena chois sin, tá 21 inneall dóiteáin agus nach mó ná 120 paraimhíochaineoir ar fáil chun freagairt do theagmhais ar bhonn laethúil. Tá ár gcomhraiceoirí dóiteáin ar fad oilte ar chaighdeán paraimhíochaineora agus bíonn siad ag athrú go leanúnach idir dualgais otharchairr agus dualgais dóiteáin a chomhlíonadh.
Pleanáil Tarrthála agus Éigeandála
Freagraíonn BDBÁC do raon éagsúil éigeandálaí. Le cois dóiteáin a chomhrac agus freagairt do theagmhais otharchairr éigeandála, freagraíonn BDBÁC do theagmhais a bhaineann le tarrtháil uisce, tarrtháil ardlíne, imbhuailtí tráchta bóthair, tuilte, teagmhais ceimiceán agus freagairt éigeandála muirí.
Chomh maith leis sin, díríonn BDBÁC ar phleanáil mhóréigeandála, pleanáil réamhtheagmhais agus rialú guaiseacha mórthimpistí chun ullmhú do gach cineál éigeandála agus chun sábháilteacht phobal Bhaile Átha Cliath a chinntiú.
Lena chois sin, soláthraíonn Aonad Cosanta Sibhialta Bhaile Átha Cliath tacaíocht do BDBÁC trí smachtú sluaite, tarrtháil uisce, clúdach dóiteáin agus tacaíocht leighis a chur ar fáil ag raon imeachtaí. Is é príomhról an aonaid tacú le seirbhísí éigeandála túslíne i rith tubaistí nádúrtha agus móréigeandálaí. Tá foireann an aonaid réidh chun tacaíocht a sholáthar i rith aslonnaithe ag ionaid scíthe ainmnithe i mBaile Átha Cliath.
Seirbhísí Eile
Soláthraíonn BDBÁC cláir um chosc dóiteán agus oideachais pobail, mar aon le comhairle maidir le sábháilteacht ó dhóiteán i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh atá tógtha cheana féin. Eisíonn BDBÁC 2,000 Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán gach bliain agus tá cumhachtaí éagsúla cigireachta agus forfheidhmithe aici.
Soláthraíonn Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath Freagairt Éigeandála Muirí d’uiscí Éireannacha freisin. Má theastaíonn cúnamh ó shoitheach le héigeandáil ar bord, tabharfar ár gcomhraiceoirí dóiteáin chomh fada leis an láthair i héileacaptar.
Déan teagmháil le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath
Is cuma más ag comhrac dóiteán, ag forfheidhmiú caighdeáin sábháilteachta nó ag cur oideachas ar an bpobal maidir le dóiteán a chosc atá ár mbaill foirne, is í an tosaíocht atá againn i gcónaí pobal Bhaile Átha Cliath a choinneáil sábháilte. Má tá aon cheist agat maidir leis an obair a dhéanaimid, déan teagmháil linn.