Músaem Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath
I Músaem Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, in Institiúid Uí Bhriain, tá déantáin agus míreanna le fáil a insíonn stair 150 bliain Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath.
Ár mBailiúchán
Bunaithe sa bhliain 1985, tá bailiúchán uathúil déantán le fáil i Músaem Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, i suíomh stairiúil. Bhronn teaghlaigh chomhraiceoirí dóiteáin Bhaile Átha Cliath go leor de na hearraí ar an músaem, lena n-áirítear teaghlaigh na bhfear agus na mban a cailleadh nuair a bhí siad i mbun dualgais.
Tá bailiúchán an mhúsaeim le fáil ar dhá urlár agus i measc na n-earraí atá le feiceáil tá éide, trealamh agus grianghraif. Tá míreanna stairiúla le feiceáil freisin a bhaineann le himeachtaí suntasacha i stair Bhaile Átha Cliath a raibh ról ag Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath iontu. Ina measc tá Éirí Amach 1916, Cogadh na Saoirse in Éirinn agus an Cogadh Cathartha, buamáil Luftwaffe na Trá Thuaidh in 1941, agus an tine i gclub oíche Stardust in 1981.
Is féidir le cuairteoirí súil a chaitheamh ar an trealamh comhraicthe dóiteáin éagsúil a bhí in úsáid in imeacht na mblianta agus smaoineamh ar na laethanta nuair a bhíodh culaith agus carbhat á gcaitheamh ag na comhraiceoirí dóiteáin nuair a bhí siad i mbun dualgais.
Bunaíodh Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1862, agus bunaíodh an tSeirbhís Otharchairr sa bhliain 1898.
Stair Institiúid Uí Bhriain
Tá Músaem Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath suite in Institiúid Uí Bhriain ar Bhóthar Mhullach Íde in Marino. Ghlac Bardas Bhaile Átha Cliath seilbh ar an bhfoirgneamh stairiúil seo in 1982. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, chuir Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath tús lena pearsanra oibriúcháin a oiliúint anseo agus is ann atá Ionad Oiliúna Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath fós sa lá inniu ann.
Thosaigh scéal Institiúid Uí Bhriain sna 1800idí nuair a d’fhág éadaitheoir olla mórdhíola, Micheál Ó Briain, a eastát luach £115,000, ag a cheathrar iníonacha. Cúpla ba ea na hiníonacha ab óige, Máire agus Bríd. Nuair a cailleadh Máire sa bhliain 1847, d’fhág sí formhór a cuid réadmhaoine ag Bríd. Ansin, nuair a cailleadh Bríd sa bhliain 1876, d’fhág sí formhór a heastáit ag Ardeaspag Bhaile Átha Cliath chun scoil do leanaí Caitliceacha a bhunú sa chathair agus a mhaoiniú.
Dhá bhliain i ndiaidh bhás Bhríde, cheannaigh an Cairdinéal Cullen Eastát Marino ina raibh 300 acra agus chuir sé 30 acra ar fáil don scoil. Cuireadh tús leis na hoibreacha tógála in Institiúid Uí Bhriain sa bhliain 1880 agus bhí na hoibreacha curtha i gcrích sa bhliain 1882.
Ba i stíl Ghotach na Fraince a tógadh an foirgneamh agus le fáil ann bhí hallaí staidéir, suanliosanna, seomraí pobail, proinntithe, leabharlann, saotharlann agus déirí. Nuair a osclaíodh an foirgneamh, 'Scoil an chúpla' a tugadh air. Sa lá inniu ann, is mar Institiúid Uí Bhriain is fearr aithne ar an bhfoirgneamh.
Chuir foireann na hinstitiúide oideachas ar bhuachaillí agus ar chailíní suas go dtí an bhliain 1972, tráth ar oscail na Bráithre Críostaí meánscoil nua in aice láimhe. Ansin dúnadh an institiúid go dtí gur cheannaigh Corparáid Bhaile Átha Cliath an foirgneamh deich mbliana ina dhiaidh sin.
Tabhair Cuairt ar Mhúsaem Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath
Bíonn turais ar siúl gach Déardaoin idir 10.30am agus 1.30pm, ach ní mór iad a chur in áirithe roimh ré. Is féidir lenár bhfoireann freastal ar dhaoine aonair agus ar ghrúpaí.
Más mian leat cuairt a eagrú, déan teagmháil le foireann an mhúsaeim trí úsáid a bhaint as na sonraí thíos.