Ciste Athghiniúna Sóisialta Bhaile Munna 2025
Beidh suim de €1.279m ar fáil le dáileadh chun costais Athghiniúna Sóisialta i mBaile Munna a íoc do 2025. Déanfaidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an ciste seo a mhaoiniú go hiomlán agus tá sé faoi réir ár bpróiseas buiséadach. Tá na cuspóirí Athghiniúna Sóisialta do Bhaile Munna leagtha amach in Ag Cothú Athghiniúna, Plean Sóisialta do Bhaile Munna, ina leagtar amach cuspóirí faoi sheacht théama:
- Déanamh Áite
- Oideachas, Foghlaim agus Oiliúint ar Feadh an tSaoil
- Sábháilteacht Phobail
- Sláinte agus Folláine
- Forbairt Leanaí agus Tacaíocht Teaghlaigh
- Na hEalaíona agus Cultúr
- Áineas agus Spórt.
Cuirtear an maoiniú ar fáil chun leanúint leis an bpróiseas athghiniúna sóisialta sa cheantar, atá mar chuid de leanúint foriomlán an phróisis athghiniúna tar éis fhoirceannadh Ballymun Regeneration Limited. Maoinítear eagraíochtaí/tionscadail d’fhonn freastal ar riachtanais aitheanta agus bearnaí sa soláthar seirbhíse i gceantar Bhaile Munna atá nasctha leis an Straitéis um Athghiniúint a Choimeád. Feidhmeoidh gach clár/seirbhís a mhaoinítear de réir Chomhaontuithe Leibhéal Seirbhíse. Cuirtear tuairisceáin aschuir airgeadais isteach gach ráithe do gach clár agus ansin tagann na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn. Déanfaidh painéal measúnaithe ar a mbeidh suas le seachtar duine (Stiúrthóir Seirbhísí CCBÁC Cathair Thuaidh, Bainisteoir Ceantair CCBÁC, riarthóir clár CCBÁC, beirt chomhairleoirí Ceantair an Iarthuaiscirt agus beirt bhall neamhspleách) gach iarratas a mheas agus déanfaidh siad cinneadh ar leithdháileadh maoinithe – tiocfaidh an painéal seo le chéile freisin go rilata chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na gclár go léir. Tabharfar liosta iomlán na n-iarrthóirí agus na méideanna airgeadais chuig Coiste Ceantair an Iarthuaiscirt i bhfoirm tuarascála le tabhairt faoi deara nuair a bheidh an coiste measúnaithe aontaithe.
Tá an próiseas iarratais ar mhaoiniú don bhliain 2025 oscailte anois. Iarrtar ar iarrthóirí an nasc foirme iarratais ar líne a chomhlánú ar an leathanach seo agus na doiciméid riachtanacha a uaslódáil d’fhonn go ndéanfar measúnú orthu le haghaidh maoinithe.
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná Dé Céadaoin 18 Nollaig ag 13.00 uaire.
Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.
Tabhair le fios, tá an t-eolas seo a leanas ar fáil ar an leathanach seo freisin:
- Comhairle sula ndéanann tú iarratas ar mhaoiniú
- Téarmaí agus Coinníollacha maoinithe
- Ráiteas Príobháideachta Athghiniúna Sóisialta Bhaile Munna
- Beartas Coinneála Athghiniúna Sóisialta Bhaile Munna
- Léarscáil de cheantar Bhaile Munna
- Nasc leis Ag Cothú Athghiniúna, Plean Sóisialta do Bhaile Munna
- Foirm Iarratais ar Mhaoiniú Athghiniúna Sóisialta Bhaile Munna 2025
Má tá aon cheist agat déan teagmháil le [email protected] nó 01-2225714