Na hAchtanna um Rialú Foirgníochta
Tá Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath freagrach as sábháilteacht ó dhóiteán i bhfoirgnimh agus i struchtúir eile ar fud Bhaile Átha Cliath faoi na hAchtanna um Rialú Foirgníochta. Faigh tuilleadh eolais faoin reachtaíocht.
Cad Iad na hAchtanna um Rialú Foirgníochta?
Is iad na hAchtanna um Rialú Foirgníochta 1990 agus 2007 bunús na rialachán foirgníochta agus na rialachán rialaithe foirgníochta in Éirinn.
Pléann rialacháin foirgníochta le saincheisteanna cosúil le caighdeáin foirgníochta, saoirseacht, caomhnú fuinnimh agus rochtain do dhaoine faoi mhíchumas, agus pléann rialacháin rialaithe foirgníochta le fógraí tosaithe, deimhnithe sábháilteachta ó dhóiteán agus a riar ag údaráis rialaithe foirgníochta. Is údarás rialaithe foirgníochta í Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Bunaíodh leis na hAchtanna um Rialú Foirgníochta dualgas reachtúil chun foirgnimh a dhearadh agus a thógáil de réir rialacháin foirgníochta. Ba chóir gach foirgneamh ábhartha a dhearadh agus a thógáil de réir na rialachán, agus is iad na tógálaithe, na dearthóirí agus na húinéirí atá freagrach as comhlíonadh.
Is féidir leat an tAcht um Rialú Foirgníochta, 1990 agus an tAcht um Rialú Foirgníochta, 2007 a léamh ina n-iomláine ar Ríomhleabhar Reachtanna na hÉireann.
Rialacháin Foirgníochta
Is é príomhchuspóir rialachán foirgníochta ná sláinte, sábháilteacht agus leas daoine i bhfoirgnimh agus timpeall orthu a chinntiú. Go ginearálta, baineann Rialacháin Foirgníochta 1997-2002 le tógáil foirgneamh nua. Baineann na rialacháin sin le síntí agus athruithe ábhartha ar fhoirgnimh atá ann cheana féin freisin, chomh maith le hathruithe áirithe úsáide. Baineann na rialacháin sin le gach cineál tógála.
Tá creat reachtaíochta chóras rialaithe foirgníochta na hÉireann le fáil i Rialacháin Foirgníochta 1997-2014 agus i Rialacháin um Rialú Foirgníochta 1997-2024.
Doiciméid Treorach Teicniúla
Tá an treoir a theastaíonn uait chun cloí le ceanglais Rialacháin Foirgníochta 1997-2014 agus Rialachán um Rialú Foirgníochta 1997-2015 mionsonraithe i ndoiciméid treorach teicniúla na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Tá tagairtí sna doiciméid sin do chaighdeáin, cóid agus treoir maidir le dearadh agus tógáil foirgneamh in Éirinn.
De ghnáth, má chloítear leis na caighdeáin atá leagtha amach sna doiciméid sin, beidh ceanglais na reachtaíochta á gcomhlíonadh. Mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil cosc ar chur chuige eile seachas an ceann atá leagtha amach sna rialacháin, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais ábhartha na rialachán.
Más dearthóir nó úinéir foirgnimh thú, is féidir leis na bundoiciméid treorach teicniúla sin cabhrú leat a chinntiú go bhfuil d’fhoirgneamh i gcomhréir le sábháilteacht ó dhóiteán.
- Doiciméad Treorach Teicniúla B - Sábháilteacht ó Dhóiteán - Tithe Cónaithe
- Doiciméad Treorach Teicniúla B - Sábháilteacht ó Dhóiteán - Foirgnimh seachas Tithe Cónaithe
- Doiciméad Treorach Teicniúla K - Staighrí, Dréimirí, Rampaí agus Gardaí
- Doiciméad Treorach Teicniúla M - Rochtain agus Úsáid
Conas is Féidir le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath Cabhrú
Tá cosaint Bhaile Átha Cliath ó dhóiteáin agus ó éigeandálaí eile lárnach i ngach rud a dhéanaimid. Má tá aon cheist agat faoi shábháilteacht dóiteáin, déan teagmháil linn thíos