An Córas Bainistíochta Rialaithe Foirgníochta
Leis an gCóras Bainistíochta Rialaithe Foirgníochta (CBRF), is féidir le húinéirí réadmhaoine, tógálaithe, forbróirí, ailtirí agus innealtóirí fógraí, iarratais agus deimhnithe comhlíontachta a chur isteach ar líne.
Faoi láthair, ní mór Fógraí 7 Lá a chomhdú go leictreonach ar an gCóras Bainistíochta Rialaithe Foirgníochta áit a gcruthófar dearbhú reachtúil. Is féidir an t-ardán a úsáid freisin chun leithéidí iarratas ar Theastas Sábháilteachta ó Dhóiteán a chur isteach chuig na húdaráis rialaithe foirgníochta.
Ní féidir d’aighneacht a chríochnú ar líne, mar ní mór an doiciméadacht go léir a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil i bhformáid cóipe crua chun an próiseas a thabhairt chun críche. Ní mór gach doiciméad, idir leictreonach agus chrua, a chur isteach sula bhféadfar iarratas a mheas mar iarratas críochnaithe.
Ní mór do gach úinéir, dearthóir, tógálaí agus deimhnitheoir sannta clárú leis an gCóras Bainistíochta Rialaithe Foirgníochta chun aighneacht a dhéanamh. Moltar le Riail 9 de na Rialacháin um Rialú Foirgníochta, 2014 gurb é sin an rogha suímh gréasáin le haghaidh riarachán leictreonach rialaithe foirgníochta.
Conas is Féidir le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath Cabhrú
Tá cosaint Bhaile Átha Cliath ó dhóiteáin agus ó éigeandálaí eile lárnach i ngach rud a dhéanaimid. Má tá aon cheist agat faoi shábháilteacht ó dhóiteán nó cosc dóiteáin, déan teagmháil linn thíos.