Déan teagmháil leis an Aonad um Leas Ainmhithe

Tá líne theileafóin an Aonaid um Leas Ainmhithe gníomhach idir 9am-5pm ar laethanta na seachtaine agus idir 11am-3pm ag an deireadh seachtaine.

Chun ár sprioc a chomhlíonadh feidhmiú mar chathair atá neamhdhíobhálach d’ainmhithe - ní mór go mbeadh an pobal in ann aird a tharraingt ar chásanna mí-úsáide agus faillí nuair a thugtar a leithéid faoi deara. Tá ár bhfoireann de mhaoir, de chigirí agus de bhaill foirne oifige thiomanta réidh le héisteacht agus le cabhair a thabhairt.

Tá ár bhfoireann ar fáil seacht lá na seachtaine trí ghlaoch ar an uimhir 01 222 6060 agus trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]. Táimid gníomhach ar na meáin shóisialta freisin trínár leathanach Facebook Leasa Ainmhithe. Ar an leathanach seo, bíonn grianghraif á bpostáil againn go rialta de na madraí seachráin a tógadh chomh fada lenár ndídean. Dá bhrí sin, ba cheart glacadh leis an leathanach seo mar an chéad phointe tagartha má tá do pheata imithe ar strae.

Cathain ba cheart Teagmháil a dhéanamh leis an Aonad um Leas Ainmhithe

Tá an tAonad um Leas Ainmhithe freagrach as déileáil le glaonna agus le ríomhphoist a bhaineann le:

  • Tuairiscí maidir le madraí seachráin nó ar strae.
  • Tuairiscí maidir le capaill gan téad nó ar teaghrán.
  • Tuairiscí maidir le mí-úsáid, drochíde nó faillí ainmhithe.
  • Tuairiscí maidir le hionsaithe madraí.
  • Tabhairt suas madraí.
  • Iarratais chun sonraí ar cheadúnais madraí nó capall atá eisithe cheana a athrú.

Fáiltímid, áfach, roimh gach glaoch agus fiosrúchán maidir le leas ainmhithe. Ainneoin go bhfuilimid ag díriú go speisialta ar leas madraí agus capall, oibrímid le comhpháirtithe cosúil le CBFA agus fiadhúlra Chill Dara chun tacú le leas gach ainmhí sa chathair. Déan teagmháil linn agus cuirfimid an chabhair oiriúnach ar fáil duit.

Mura bhfreagraítear do ghlaoch, fág glórphost agus sonraigh d’ainm, uimhir theagmhála agus fág teachtaireacht ghearr. Beimid i dteagmháil leat an chéad lá oibre eile.

Tabhair faoi deara más mian leat táille nó fíneáil a íoc a bhaineann le do mhadra a fháil ar ais ó dhídean, gur cheart duit glaoch ar an uimhir 01 222 2222 chun íocaíocht a dhéanamh le cárta. Ní féidir leis an líne theileafóin lasmuigh de ghnáthuaireanta glacadh le híocaíochtaí.

Tuairiscigh Ainmhí Éagtha

Má thugann tú ainmhí éagtha faoi deara i spás poiblí, tuairiscigh na sonraí agus an suíomh ar thairseach Mhol na Saoránach

Contact Details