Ár Misean agus Éiteas
Ag croílár obair an Aonaid um Leas Ainmhithe tá iarracht a dhéanamh a chinntiú gur áit shábháilte d’ainmhithe í cathair Bhaile Átha Cliath. Faigh níos mó eolais faoi na prionsabail a bhfuil ár gcuid oibre á treorú acu.
Tá an tAonad um Leas Ainmhithe i gceannas ar cheadúnú agus rialú madraí agus capall i gceantar riaracháin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá níos mó ná sin i gceist lenár gcuid oibre, áfach.
Is é an misean atá againn cathair a chruthú ina mbeidh daoine agus ainmhithe breá sásta cónaí taobh lena chéile. Tá sé mar aidhm againn cultúr a chruthú ina mbeidh aire á tabhairt do gach ainmhí. Déanaimid é seo tríd an bpobal a spreagadh agus trí eolas a roinnt leo ionas gur féidir leo díriú ar chúig shaoirse an leasa ainmhithe. Déantar cur síos sa chreat seo a bhfuil cáil dhomhanda air ar na coinníollacha a theastaíonn chun tacú le folláine mheabhrach agus fhisiceach ainmhithe.
Tá obair an Aonaid um Leas Ainmhithe á treorú ag na cúig shaoirse seo i ngach beartas agus cleachtas. Trí chláir forfheidhmithe, oideachais agus phobail, táimid ag iarraidh timpeallacht a chruthú a fhágann nach mbeidh aon ainmhí ag fulaingt mar thoradh ar ocras, tart, míchompord, imní, anacair, pian, gortú nó galar.
Creidimid gur cheart go mbeadh gach ainmhí in ann taitneamh a bhaint as a ngnáthiompar agus saol sona a bheith acu. Tá an t-éiteas seo ag croílár ár seirbhísí agus gníomhaíochtaí ar fad. Trínár gcuid oibre, tá súil againn go mbeidh ar ár gcumas cathair a chruthú ar féidir léi a bheith bródúil as an tslí a gcaitear le gach ainmhí inti.
Fad is atá an dlí á fhorfheidhmiú agus freagairt do thuairiscí fós ag croílár obair Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, tá níos mó béime á leagan againn de réir a chéile ar dheis rannpháirtíochta a thabhairt don phobal i ndáil le mí-úsáid agus faillí ainmhithe a chosc.
Déan teagmháil leis an Aonad um Leas Ainmhithe
Tá Aonad um Leas Ainmhithe Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i gcónaí ag iarraidh eolas a roinnt le húinéirí ainmhithe agus an scéal a scaipeadh maidir le cúig shaoirse an leasa ainmhithe. Más mian leat go dtabharfadh duine dár maoir madraí caint i do scoil nó ionad pobail, déan teagmháil linn thíos.