An Coiste Maoirseachta um Leas Ainmhithe
Déanann an Coiste Maoirseachta um Leas Ainmhithe maoirseacht ar an obair atá á déanamh ag Aonad um Leas Ainmhithe Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Páirteach sa Choiste Maoirseachta um Leas Ainmhithe tá páirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear baill foirne, comhaltaí tofa de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, baill den Gharda Síochána, ionadaithe ó ghrúpaí leasa ainmhithe deonacha agus cigirí ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Ó 2021, tá maoirseacht déanta ag an gcoiste ar ár gcuid oibre agus tá comhairle curtha aige orainn maidir le saincheisteanna a bhaineann leis na seirbhísí atá á gcur ar fáil againn. Tá ról aige freisin maidir le beartais a chruthú agus comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí seachtracha a fhorbairt.
Buaileann baill an Choiste Maoirseachta um Leas Ainmhithe le chéile go rialta. Tá miontuairiscí na gcruinnithe a reáchtáladh le déanaí le fáil thíos. Ina measc tá liosta de chomhaltaí reatha an choiste agus taifead de na cinntí a rinneadh ag cruinnithe.
Déan teagmháil leis an Aonad um Leas Ainmhithe
Tá Aonad um Leas Ainmhithe Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i gcónaí ag iarraidh eolas a roinnt le húinéirí ainmhithe agus an scéal a scaipeadh maidir leis an obair a dhéanaimid. Más mian leat go dtabharfadh duine dár maoir madraí caint i do scoil nó ionad pobail, déan teagmháil linn thíos.