Obair an Aonaid um Leas Ainmhithe

Soláthraíonn ár bhfoireann raon seirbhísí laistigh de limistéar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear seirbhísí dídine, ceadúnú agus cláir phobail.

Is é misean an Aonaid um Leas Ainmhithe cathair a chruthú ina mbíonn daoine agus ainmhithe breá sásta cónaí taobh lena chéile. Táimid ag iarraidh timpeallacht a chruthú ina dtugtar aire do gach ainmhí agus ina dtacaítear le cultúr freagrach úinéireachta peataí. Déanaimid é sin trí chláir oideachais agus pobail.

De bhrí go bhfuilimid ag feidhmiú mar údarás ceadúnúcháin do chathair Bhaile Átha Cliath, áfach, baineann go leor dár gcuid oibre le ceanglais reachtacha a chomhlíonadh agus leis an dlí a fhorfheidhmiú. Trínár ngníomhaíochtaí ar fad, tá sé mar aidhm againn an timpeallacht is sábháilte agus is féidir a chruthú d’ainmhithe agus do dhaoine.

Tá forléargas le fáil thíos ar na seirbhísí atá á gcur ar fáil againn.

An tAcht um Shláinte agus Leas Ainmhithe a Fhorfheidhmiú

Déanann maoir agus cigirí an Aonaid um Leas Ainmhithe obair mhór gach lá chun cearta ainmhithe a chosaint. Is cuid dár sainchúram é An tAcht um Shláinte agus Leas Ainmhithe, 2013 a fhorfheidhmiú. Déanaimid é sin mar seo a leanas:

  • Freagairt do chásanna leasa ainmhithe agus do thuairiscí maidir le drochíde.
  • Cabhrú le madraí agus le capaill a bhfuil cabhair thréidliachta ag teastáil uathu.
  • Oibriú lenár gcomhpháirtithe ar shaincheisteanna leasa do gach ainmhí.

Seirbhís Maorachta Madraí agus Seirbhís Dídine

Faoi Acht um Rialú Madraí, 1986, soláthraímid Seirbhís Maorachta Madraí, a dhéileálann le madraí seachráin, madraí a tugadh suas agus madraí gafa. Chomh maith leis sin, reáchtálaimid seirbhís dídine do mhadraí áit a gcoinnímid na madraí seo fad is a bhíonn iarracht á déanamh againn úinéirí nua a aimsiú dóibh nó iad a nascadh lena gcuid úinéirí arís.

Seirbhís Dídine do Chapaill

Faoi Acht um Rialú Capall, 1996, gabhaimid agus cuirimid capaill seachráin i bpóna agus cabhraímid leis an nGarda Síochána chun an pobal a chosaint ar rioscaí a chruthaíonn capaill seachráin.

Is féidir capaill a ghabháil agus chur i bpóna freisin má tá siad á gcoinneáil áit éigin seachas an suíomh atá sonraithe ar a gceadúnas nó mura féidir ceadúnas bailí a chur ar fáil.

Mínítear ar ár leathanach maidir le conas capall gafa a fháil ar ais níos mó sonraí maidir leis na himthosca inar féidir capall a ghabháil. Más mian leat capall seachráin, capall a bhfuil faillí déanta air nó capall ar tugadh drochíde dó a thuairisciú, téigh chuig ár leathanach teagmhála.

Ceadúnú agus Cigireachtaí

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas capaill ón Aonad um Leas Ainmhithe, a cheadóidh duit capall a choinneáil laistigh de cheantar riaracháin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Is féidir ceadúnais madraí, ar an lámh eile, a cheannach ar Licences.ie nó in aon oifig an phoist. Tugann cigirí atá ag obair thar ceann Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath cuairt go rialta ar thithe chun a chinntiú go bhfuil ceadúnais agus micrishliseanna cothrom le dáta ag úinéirí madraí dá madraí.

Bunachais Pórúcháin Madraí a Chlárú agus Cigireacht a Dhéanamh Orthu

Faoin Acht um Bunachais Pórúcháin Madraí, 2010, déanann an tAonad um Leas Ainmhithe cigireacht ar gach conchró agus bunachas pórúcháin laistigh de cheantar riaracháin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus ceadúnaíonn sé iad.

Cigireacht a Dhéanamh ar Stáblaí

Faoin Acht um Rialú Capall, déanann ár bhfoireann cigireacht ar stáblaí atá laistigh de cheantar riaracháin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun a chinntiú go bhfuil na caighdeáin atá sonraithe sa reachtaíocht á gcomhlíonadh acu. Mar chuid de gach iarratas ar cheadúnas capall, déanann ár mbaill foirne cigireacht ar an suíomh ina mbeidh an capall á choinneáil chun a chinntiú go bhfuil na saoráidí oiriúnach chun an capall a choinneáil go sábháilte.

Déan teagmháil leis an Aonad um Leas Ainmhithe

Má tá ceist agat maidir le haon cheann dár seirbhísí, déan teagmháil leis an Aonad um Leas Ainmhithe trí úsáid a bhaint as na sonraí thíos.

 

Contact Details