Straitéis Crann Chathair Bhaile Átha Cliath 2016-2020
Cabhraíonn crainn le Baile Átha Cliath a shainiú mar phríomhchathair agus sócmhainn thábhachtach atá iontu. Cuid lárnach d’aitheantas na Cathrach iad na spásanna oscailte agus na sráideanna a bhfuil crainn ar gach taobh díobh i mBaile Átha Cliath. Cuireann siad feabhas ar thimpeallacht na cathrach ina gcónaímid, ina n-oibrímid agus a dtugaimid cuairt uirthi.
Cruthaíonn crainn cuid de stair Bhaile Átha Cliath agus tá siad mar chuid de thodhchaí na cathrach. Cabhraíonn crainn i gcearnóga agus sráideanna Seoirseacha, áiteanna Victeoiriacha agus bruachbhailte faoi chrainn le buntacú le saintréithe agus aitheantas na cathrach. Ina theannta sin, cuireann siad le dearadh uirbeach agus is féidir leo cabhrú le spásanna a shainiú, faoi mar a dhéanann siad feadh Shráid Uí Chonaill agus os comhair Ard-Oifig an Phoist.
Ní hionann an tsaolré a bhíonn ag crainn agus an tsaolré a bhíonn ag beagnach gach sócmhainn phoiblí eile, ach chomh beag. Téann a luach i méid le himeacht ama agus caithfear iad a chosaint dá bharr.
Lorgaíonn an Straitéis Crann le cur chuige comhordaithe a sholáthar i dtaobh crainn a bhainistiú i gCathair Bhaile Átha Cliath. Leagtar amach sa straitéis fís fhadtéarmach chun crainn phoiblí a bhainistiú. Sa mhullach air sin, cruthaíonn sé feasacht agus léirthuiscint níos mó ar an acmhainn luachmhar seo laistigh de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, gníomhaireachtaí ábhartha eile agus i measc an phobail.
Tá trí phríomh-mhír ann sa Straitéis:
- Crainn i gCathair Bhaile Átha Cliath – Athbhreithniú ar ‘Cranndreach’ na cathrach, an tábhacht a bhaineann le crainn uirbeacha, an bhainistíocht a dhéantar orthu faoi láthair agus athbhreithniú ar shonraí reatha ar an daonra crann uirbeach.
- Beartas Crann – Cur síos ar na beartais ghinearálta agus shonracha atá ag Cathrach Bhaile Átha Cliath maidir le crainn agus obair ar chrainn.
- Plean Gníomhaíochta – Creat ina gcuirfear an beartas crann i bhfeidhm, ina leagtar amach cuspóirí cuí agus gníomhartha gaolmhara, freagrachtaí agus spriocdhátaí le hiad a chríochnú.