Sábháilteacht ó Dhóiteán do Bheárbaiciúnna;

Faigh amach leideanna Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath maidir le fanacht sábháilte le linn shéasúr na mbeárbaiciúnna seo.

Is bealach taitneamhach é a bheith ag cócaráil ar bheárbaiciú i rith an tsamhraidh. Ba mhaith le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath cabhrú leat fanacht sábháilte agus an leas is fearr a bhaint as séasúr an bheárbaiciú le comhairle sábháilteachta dóiteáin.

Comhairle Ghinearálta maidir le Beárbaiciúáil

Agus beárbaiciú á roghnú agat le ceannach, déan cinnte go bhfuil Marc Sábháilteachta Eorpach CE air lena chinntiú go gcomhlíonann sé na caighdeáin sábháilteachta a bhfuiltear ag súil leo. Ba chóir duit na treoracha a léamh go cúramach i gcónaí roimh úsáid freisin.

Nuair a bheidh do bheárbaiciú feistithe agat, coinnigh na leideanna sábháilteachta ó dhóiteán seo i gcuimhne:

  • Ná húsáid beárbaiciú laistigh, ar dheiceáil adhmaid ná ar bhalcóin choíche.
  • Cuir do bheárbaiciú ar thalamh réidh, cothrom amach ó aon rud inlasta, amhail fálta, seideanna, crainn agus toir.
  • Éiríonn an teas mar sin ná déan dearmad breathnú suas chun seiceáil an bhfuil aon rud inlasta suite os cionn do bheárbaiciú.
  • Ná fág do bheárbaiciú gan mhaoirseacht choíche.
  • Ná húsáid ach breosla tosaithe atá ceadaithe le haghaidh beárbaiciúnna nó lastóirí tine chun do bearbaiciú a lasadh; ná húsáid peitreal ná pairifín choíche.
  • Ná déan dearmad gur féidir le saill ó bhia agus ola a bheith ina cúis le lasracha móra.
  • Bíodh píobán, buicéad uisce nó gaineamh in aice láimhe ar eagla go n-imeodh cúrsaí as smacht.
  • Coinnigh leanaí agus peataí ar shiúl ón mbeárbaiciú i gcónaí.
  • Coinnigh an méid alcóil a óltar chomh híseal agus is féidir agus an beárbaiciú á úsáid agat.
  • Ná bog an beárbaiciú agus é lasta.
  • Cinntigh go bhfuil na clocha guail beárbaiciú fuaraithe go hiomlán sula ndéantar iad a chaitheamh amach; ba chóir duit iad a fhágáil thar oíche.

Leideanna Sábháilteachta ó Dhóiteán do Bheárbaiciúnna Gáis

In addition to the above fire safety tips, you should keep in mind the following when using gas barbecues:

  • Chomh maith leis na leideanna sábháilteachta ó dhóiteán thuas, ba cheart duit na nithe seo a leanas a choinneáil i gcuimhne agus beárbaiciúnna gáis á n-úsáid agat:
  • Athraigh an sorcóir gáis lasmuigh in áit atá aeráilte go maith, agus cinntigh go bhfuil na rialtáin agus na comhlaí go léir sa suíomh múchta.
  • Stóráil sorcóirí gáis go slán lasmuigh, amach ó sholas díreach na gréine agus ó shioc.
  • Cinntigh go bhfuil na hailt gháis go léir teannta.
  • Cinntigh go bhfuil gléas teipthe lasrach nó gléas maoirseachta lasrach ag do bheárbaiciú gáis.

Má cheapann tú go bhfuil locht ar do bheárbaiciú gáis, ná húsáid é, agus iarr comhairle ón monaróir.

Leideanna Sábháilteachta ó Dhóiteán do Bheárbaiciúnna Indiúscartha

Agus beárbaiciú indiúscartha á úsáid agat, ba cheart duit an chomhairle seo a leanas a choinneáil i gcuimhne freisin:

  • Ná húsáid beárbaiciú indiúscartha laistigh choíche, lena n-áirítear i bpubaill, i gcábáin adhmaid agus i gcarbháin.
  • Ná húsáid iad ach amháin in áit atá aeráilte go maith, mar is féidir go gcruthófar aonocsaíd charbóin nimhiúil nuair a lastar beárbaiciúnna indiúscartha.
  • Cuir do bheárbaiciú indiúscartha ar dhromchla cothrom, neamh-inlasta. Ná cuir ar dheiceáil, troscán gairdín adhmaid, troscán plaisteach, gloine ná féar é choíche.
  • Lig don bheárbaiciú fuarú sula mbogann tú é.

Cosc Dóiteáin i mBaile Átha Cliath

Tá Baile Átha Cliath a dhéanamh sábháilte ó dhóiteáin agus ó éigeandálaí eile i gcroílár obair Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath. Trí chláir sábháilteachta ó dhóiteán, oideachas agus comhairle, tá sé mar aidhm againn pobail a spreagadh chun páirt a ghlacadh i gcosc dóiteáin.

Más mian leat go labhródh oifigeach dóiteáin le do scoil, do ghnó nó do phobal, déan teagmháil thíos.

Contact Details