Sábháilteacht Claiseanna Tine;
Faigh amach leideanna Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath maidir le fanacht sábháilte agus clais tine á húsáid agat. Faigh amach leideanna Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath maidir le fanacht sábháilte agus clais tine á húsáid agat.
Is féidir pointe fócais agus atmaisféar deas a chruthú sa ghairdín le claiseanna tine. Soláthraítear roinnt teasa leo freisin agus an ghrian ag dul faoi. Mar sin féin, mar is amhlaidh le haon tine, ba cheart duit roinnt bearta sábháilteachta agus réamhchúraimí a ghlacadh agus iad á n-úsáid.
An Áit le Clais Tine a Chur
Ar an drochuair, níl claiseanna tine oiriúnach do gach suíomh. Sula gcuireann tú clais tine i bhfearas i do ghairdín, ba chóir duit a chinntiú i gcónaí nach bhfuil aon ghuaiseacha in aice láimhe.
Agus tú ag cinneadh cá háit le do chlais tine a chur, coinnigh na rudaí seo i gcuimhne:
- Cuir an chlais ar shiúl ó aon rud inlasta, amhail crainn, toir agus fálta.
- Ná cuir clais tine ar dheiceáil adhmaid.
- Ná húsáid clais tine choíche ar bhalcóin árasáin.
- Ná húsáid claiseanna tine ach amháin in áiteanna dea-aeraithe - ná húsáid laistigh iad choíche!
- Breathnaigh suas! Éiríonn an teas mar sin déan cinnte go seiceálann tú an bhfuil aon rud inlasta suite os cionn do chlaise tine.
- Ná cuir do chlais tine ar fhéar tirim mar go bhfuil sé sin inlasta
Leideanna Sábháilteachta ó Dhóiteán do Chlaiseanna Tine
Nuair a bheidh do chlais tine feistithe agat, ba cheart duit na leideanna sábháilteachta ó dhóiteán seo a choinneáil i gcuimhne:
- Léigh na treoracha sábháilteachta go cúramach.
- Ná húsáid leacht lasta ná peitreal chun an tine a lasadh.
- Bí cúramach díreach tar éis díghalrán lámh alcóil a úsáid. D’fhéadfadh do lámha a bheith inlasta go dtí go ngalóidh sé, mar sin ná téigh in aice le haon lasracha gan chosaint go dtí sin.
- Bíodh buicéad uisce nó píobán in aice láimhe agat.
- Bí cúramach agus tú ag bogadh thart ar an gclais tine. Seachain éadaí scaoilte agus scaifeanna a chaitheamh mar is féidir leo lasadh má thagann siad i dteagmháil leis na lasracha.
- Má théann do chuid éadaí trí thine, STOP, TIT agus ROLLÁIL. Má ritheann tú thart, ní dhéanfaidh sé sin ach na lasracha a ghríosú. Ina ionad sin, ba chóir duit na lasracha a mhúchadh le blaincéad nó cóta trom neamh-inlasta.
- Déan maoirseacht ghéar i gcónaí ar leanaí agus ar pheataí.
- Ná fág an chlais tine gan mhaoirseacht choíche.
- Lig don chlais tine fuarú thar oíche. D’fhéadfadh an breosla a bheith te fós ar maidin, mar sin athsheiceáil go bhfuil an luaithreach fuaraithe go hiomlán sula ndéanann tú é a dhiúscairt.
- Ná cuir luaithreach te i mbosca bruscair.
Cosc Dóiteáin i mBaile Átha Cliath
Tá Baile Átha Cliath a dhéanamh sábháilte ó dhóiteáin agus ó éigeandálaí eile i gcroílár obair Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath. Trí chláir sábháilteachta ó dhóiteán, oideachas agus comhairle, tá sé mar aidhm againn pobail a spreagadh chun páirt a ghlacadh i gcosc dóiteáin.
Más mian leat go labhródh oifigeach dóiteáin le do scoil, do ghnó nó do phobal, déan teagmháil thíos.