Sábháilteacht ó Dhóiteán Riachtanach don Bhaile
Aimsigh comhairle agus treoir Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath maidir le sábháilteacht ó dhóiteán sa bhaile, lena n-áirítear príomhchéimeanna chun dóiteán a chosc agus rioscaí nach mór a bheith airdeallach orthu.
Ar an meán, faigheann 36 duine bás mar gheall ar dhóiteáin in Éirinn gach bliain. Ar an drochuair, is i suímh bhaile a tharlaíonn formhór na mbásanna seo.
Chun cabhrú leat fanacht sábháilte, seo a leanas leideanna Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath chun an riosca a bhaineann le dóiteán i do theach a laghdú.
Na Trí Riail Órga
- Suiteáil aláraim dheataigh chun rabhadh a thabhairt go luath agus tástáil iad go rialta.
- Ullmhaigh plean aslonnaithe agus déan cleachtadh rialta.
- Féach thart ort agus faigh réidh le guaiseacha.
Príomhchéimeanna chun Dóiteán a Chosc
Is iad seo na príomhghníomhartha ba cheart duit a chur san áireamh gach lá chun an riosca a bhaineann le dóiteán i do theach a íoslaghdú.
- Ná fág leanaí ina n-aonar i dteach, carbhán, teach soghluaiste nó carr.
- Ná fág cipíní agus lastóirí in áiteanna ar féidir le leanaí rochtain a fháil orthu.
- Feistigh aláraim dhóiteáin i do theach agus tástáil iad go rialta.
- Bíodh múchtóirí dóiteáin agus/ nó pluideanna dóiteáin le feiceáil agus cinntigh go bhfuil a fhios agat conas iad a úsáid.
- Ná bain úsáid as pannaí sceallóg oscailte.
- Bain úsáid as sciath thine ar thinte oscailte i gcónaí, go háirithe roimh dhul a chodladh nó má tá leanaí ag rith thart.
- Pleanáil bealaí éalaithe agus cleacht druileanna dóiteáin. (Tá tuilleadh faisnéise maidir le pleananna aslonnaithe le fáil thíos.)
- Cinntigh go bhfuil gach bealach éalaithe soiléir agus, má theastaíonn eochair uait chun dul amach, cinntigh gur féidir lámh a leagan ar an eochair go héasca.
- Dún gach doras, go háirithe doras na cistine agus an tseomra suí.
- Bí cúramach i rith tréimhsí saoire de bhrí go bhféadfadh rioscaí breise maidir le sábháilteacht ó dhóiteán a bheith ann i rith na dtréimhsí sin; léigh ár leathanaigh maidir le leideanna sábháilteachta ó dhóiteán d’Oíche Shamhna agus leideanna sábháilteachta ó dhóiteán don Nollaig chun tuilleadh treorach a fháil.
Tuilleadh Faisnéise maidir le hAláraim Dheataigh
Ní dhúiseoidh deatach thú. Go deimhin, cuirfidh sé codladh níos troime ort. Dá bhrí sin, tá aláraim dheataigh an-tábhachtach chun rabhadh luath a thabhairt do dhaoine agus chun deis a thabhairt do dhaoine an teach a fhágáil go sábháilte.
Ba cheart go mbeadh brathadóir deataigh le fáil sna háiteanna seo a leanas:
- Bealaí éalaithe - ceann i ngach pasáiste, ceann staighre agus staighre.
- Gach seomra leapa.
- Seomraí ardriosca eile, lena n-áirítear seomraí suí, garáistí agus seomraí fóntais.
- Ba cheart go mbeadh brathadóir teasa le fáil sa chistin freisin chun bréagrabhaidh a sheachaint.
Is féidir aláraim dheataigh agus theasa a nascadh le príomhsholáthar cumhachta nó d’fhéadfadh ceallraí a bheith in úsáid iontu. Ba cheart go mbeadh gach aláram i do theach nasctha chun a chinntiú má bhraitear dóiteán i seomra amháin go mbeidh na haláraim ar fad le cloisteáil. Ba cheart iad a thástáil gach seachtain freisin.
Aláraim Aonocsaíde Carbóin
An marfóir ciúin a thugtar ar aonocsaíd charbóin go minic, gás dofheicthe, neamhbholaitheach gan dath a chruthaítear nuair a dhónn breoslaí go neamhiomlán. Sa bhaile, is féidir córais teasa agus le trealamh cócaireachta a áireamh mar fhoinsí den ghás seo.
Tá Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath ag iarraidh ar an bpobal smaoineamh ar thrí rud chun cosaint i gcoinne an mharfóra chiúin seo:
- Ná déan dearmad ar na cúiseanna: Is féidir le haon bhreosla a dhóitear aonocsaíd charbóin a chruthú, lena n-áirítear ola, gás, adhmad, gual agus móin.
- Ná déan dearmad ar sheirbhís a dhéanamh: Chun aonocsaíd charbóin a chosc, cinntigh go bhfuil d’fheistí suiteáilte agus seirbhísithe go bliantúil ag suiteálaí gáis cláraithe nó gníomhaire seirbhíse cáilithe. Cinntigh go bhfuil gaothairí, múcháin agus simléir saor ó bhac freisin.
- Ná déan dearmad ar an aláram: Suiteáil aláram aonocsaíde carbóin inchloiste, a bhfuil EN 50291 á chomhlíonadh aige, ar a bhfuil Marc Sábháilteachta CE, táscaire deireadh ré agus marc deimhniúcháin neamhspleách.
Guaiseacha Dóiteáin ar cheart Faire Amach Dóibh sa Bhaile
Cruthaíonn caitheamh tobac agus feistis leictreacha rioscaí dóiteáin ar féidir iad a sheachaint trí roinnt réamhchúraimí breise.
Réamhchúraimí do Chaiteoirí
- Ná caith nuair a bhíonn tú tuirseach, go háirithe nuair a bhíonn tú sa leaba nó ag ligean do scíth i gcathaoir.
- Úsáid luaithreadán mór, cobhsaí i gcónaí de bhrí go bhféadfadh nuta de thoitín a bheith ag dó le haghaidh uaireanta fada sula lasann sé agus sula scaipeann sé.
- Múch toitíní go hiomlán i gcónaí agus folmhaigh luaithreadáin sula dtéann tú a chodladh, ach cinntigh go bhfuil gach rud múchta sula gcaitheann tú rud ar bith amach.
Réamhchúraimí maidir le hEarraí Leictreacha
-
Úsáid earraí leictreacha go cúramach, agus stóráil iad i gceart nuair nach mbíonn siad in úsáid.
- Ná cuir an iomarca ualaigh ar shoicéid, agus ná húsáid cuibheoirí dúbailte.
- Má tá cáblaí nó plocóidí leictreacha damáistithe nó caite, déan teagmháil le leictreoir.
- Bí airdeallach maidir le hearraí leictreacha teo amhail tóstaeir, iarainn, bolgáin, pluideanna leictreacha, radaitheoirí agus luchtairí. Seiceáil pluideanna leictreacha go rialta le haghaidh caitheamh agus cuimilt. Má tá siad damáistithe nó os cionn trí bliana d’aois, faigh réidh leo.
- Faigh conraitheoir leictreach cáilithe chun suiteáil agus deisiúcháin a dhéanamh ar fhearais agus feistithe leictreacha.
- Cinntigh go bhfuil Marc Sábháilteachta Eorpach CE ar gach earra a úsáidtear sa bhaile ar a léirítear go gcomhlíonann siad na caighdeáin sábháilteachta a bhfuiltear ag súil leo.
- Múch agus díphlugáil gach fearas neamhriachtanach nuair nach bhfuil siad in úsáid.
- Díphlugáil luchtairí fóin freisin.
- Seiceáil na seoláin agus na plocóidí go léir le haghaidh sceitheadh nó dó, agus cuir cinn nua ina n-áit más gá
Leideanna maidir le Stóráil Shábháilte
- Ba chóir rudaí cosúil le bruscar agus nuachtáin a stóráil i gceart, agus níor cheart ligean dóibh carnadh, mar d’fhéadfadh sé go mbeadh guais dóiteáin ann dá bharr.
- Níor cheart ábhair inlasta, amhail péinteanna, tuaslagóirí, greamacháin agus ceimiceáin a stóráil i d’áit chónaithe.
- Ná fág nuachtáin, éadaí ná ábhair eile róghar do thinte ná do théitheoirí.
Déan Plean Aslonnaithe
Trí phleanáil agus cleachtadh a dhéanamh ar conas dul amach as d’áit chónaithe le do theaghlach, is féidir leat a bheith níos muiníní as éalú go sábháilte i gcás dóiteáin.
Tá sé thar a bheith tábhachtach plean aslonnaithe a bheith agat má bhíonn sé deacair ort féin, nó ar dhuine éigin atá ina c(h)ónaí i do theaghlach, éalú gan chúnamh. Tá daoine scothaosta i mbaol ar leith, agus is óna measc a thagann an céatadán is airde de bhásanna a tharlaíonn i ndóiteáin tí.
Seo treoir céim ar chéim chun plean aslonnaithe a dhéanamh do d’áit chónaithe:
- Pleanáil dhá bhealach éalaithe chun dul amach as an teach.
- Coinnigh na bealaí éalaithe sin glan agus saor ó chonstaicí.
- Cinntigh i gcónaí go bhfuil eochracha do dhoirse agus d’fhuinneoga ar fáil go héasca.
- Cleacht an plean.
- Dún na doirse go léir i do dhiaidh agus tú ag imeacht.
- Bí ag lámhacán go híseal sa deatach mar go mbíonn an t-aer níos glaine ag leibhéal na talún.
- Ná téigh isteach sa teach arís ar chúis ar bith.
- Cuir glaoch ar Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath a luaithe agus is féidir.
- Cuir glaoch ar Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath a luaithe agus is féidir.
Murar féidir leat do phlean aslonnaithe a leanúint i gcás dóiteáin, seo roinnt leideanna breise le cuimhneamh orthu:
- Má tá tú gafa i seomra, dún an doras, agus séalaigh bun an dorais le tuáille nó blaincéad.
- Téigh go dtí an fhuinneog, agus déan iarracht aird duine éigin lasmuigh a tharraingt.
- Ar leibhéal an chéad urláir, mar rogha dheireanach, is féidir leat crochadh ó leac na fuinneoige agus titim ar an talamh. Lig leanaí síos chuig an talamh áfach ar dtús i gcónaí. Ná bí ag súil go leanfaidh siad thú.
Seicliosta um Shábháilteacht ó Dhóiteán sa Bhaile
Ní thógann sé ach cúpla nóiméad an seicliosta seo a chomhlánú, ach d’fhéadfadh nach mbeidh de dhifríocht idir beatha agus bás ach é.
Siúil timpeall do thí, agus ticeáil an liosta seo a leanas:
- An bhfuil gach fearas leictreach neamhriachtanach díphlugáilte?
- An bhfuil gach fearas gáis neamhriachtanach múchta?
- An bhfuil na coinnle agus na lasracha gan chosaint go léir múchta?
- An bhfuil sciath thine os comhair aon tine oscailte?
- An bhfuil na luaithreadáin go léir folmhaithe?
- An bhfuil gach bealach éalaithe saor go hiomlán ó bhacainní?
- An bhfuil na doirse uile dúnta chun scaipeadh tine agus deataigh a laghdú?
Tá sé tábhachtach freisin d’aláraim dheataigh agus aonocsaíde carbóin a thástáil gach seachtain. Lean Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath ar na meáin shóisialta chun meabhrúcháin #TástáilÉDéMáirt a fháil.
Cláir um Chosc Dóiteáin Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath
Tá cosaint Bhaile Átha Cliath ó dhóiteáin agus ó éigeandálaí eile lárnach i ngach rud a dhéanaimid. Reáchtálann Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath roinnt cláir shábháilteachta ó dhóiteán a bhfuil sé mar aidhm acu an pobal a spreagadh chun páirt a ghlacadh i gcosc dóiteáin.
Más mian leat go labhródh oifigeach dóiteáin le do scoil, do ghnó nó do phobal, déan teagmháil thíos.