Leideanna Sábháilteachta ó Dhóiteán do Sheomraí Leapa
Faigh amach leideanna Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath chun tine a chosc sa bhaile.
Is féidir le tine i seomra leapa a bheith marfach, go háirithe má tá tú i do chodladh nuair a lasann ceann. Is féidir le rudaí nach mbeifeá ag súil leo, amhail cannaí díbholaígh agus bolgáin solais, a bheith ina rioscaí sábháilteachta ó dhóiteán. Seo roinnt leideanna chun fanacht sábháilte.
Cosc Dóiteáin sa Seomra Leapa
Glac na céimeanna seo a leanas chun guaiseacha a bhaint agus chun cabhrú leis an riosca dóiteáin i do sheomra leapa a laghdú:
- Ná caith tobac sa seomra leapa choíche, mar tá an baol ann go dtitfidh tú i do chodladh agus an toitín fós lasta.
- Ná luchtaigh fóin phóca, táibléid ná toitíní leictreonacha agus tú i do chodladh.
- Ná clúdaigh gléas le piliúr ná le blaincéad choíche agus é á luchtú. (Is féidir leat tuilleadh comhairle a fháil inár dtreoir maidir le do chuid gléasanna a luchtú go sábháilte).
- Seiceáil pluideanna leictreacha go rialta le haghaidh caithimh nó damáiste, agus cinntigh go n-úsáideann tú iad de réir threoracha an mhonaróra.
- Ba chóir coinnle a chur i gcoinnleoir ceart nach dtitfidh. Ba chóir an coinnleoir a chur ansin ar dhromchla teasdíonach gan aon rud os a chionn.
- Ná fág coinnle gan duine á bhfaire choíche.
- Coinnigh tóirse in aice le do leaba i gcás éigeandála.
- Is féidir le díritheoirí gruaige, tlúnna cataíola agus triomadóirí gruaige a bheith ina gcúis tine mar sin, cinntigh iad a dhíphlugáil tar éis úsáide, seachas díreach iad a mhúchadh.
- Ná clúdaigh bolgáin solais le héadach choíche, mar go scaoileann bolgáin nochta go leor teasa.
- Déan iarracht bolgáin ísealteochta atá coigilteach ar fhuinneamh a úsáid.
- Coinnigh scátháin mhaisiúcháin agus criostail amach ó sholas díreach na gréine, agus cuimhnigh go mbogfaidh an ghrian trasna na spéire i rith an lae.
- Coinnigh cannaí brúchóirithe, amhail spraeanna díbholaigh agus gruaige, as solas díreach na gréine agus ar shiúl ó aon fhoinsí teasa, lena n-áirítear radaitheoirí.
- Má úsáideann tú téitheoir breise i do sheomra leapa, cinntigh go gcoinnítear ar shiúl ó ábhair inlasta é.
- Cinntigh gur féidir leat aláram deataigh d’áite cónaithe a chloisteáil nuair a bhíonn doras do sheomra leapa dúnta. Mura féidir, ba cheart duit smaoineamh ar cheann a shuiteáil i do sheomra leapa.
- An bhfuil coire i do sheomra leapa? Má tá, ba cheart aláram aonocsaíde carbóin a fheistiú freisin.
Roimh Dhul a Luí
Chomh maith leis na céimeanna thuas a ghlacadh, is dea-smaoineamh é na seiceálacha seo a dhéanamh sula dtéann tú a chodladh:
- Múch agus díphlugáil gach fearas neamhriachtanach.
- Díphlugáil aon ghléasanna atá á luchtú.
- Cinntigh go bhfuil na doirse go léir i do theach dúnta mar go gcuideoidh sé sin le cosc a chur ar scaipeadh deataigh agus tine.
- Más duine thú a chaitheann tobac, múch aon toitíní go hiomlán, agus folmhaigh na luaithreadáin go léir sula dtéann tú a luí. Cinntigh go bhfuil an t-ábhar sa luaithreadán múchta go hiomlán sula ndéanann tú é a chaitheamh amach.
Aslonnú Do Sheomra Leapa
Má tharlaíonn tine, tá sé tábhachtach plean éalaithe a bheith agat. Ba chóir duit plean aslonnaithe seomra leapa a dhéanamh a oibreoidh fiú má tá rochtain ar dhoirse amach do thí blocáilte ag tine nó deatach.
Pleanáil dhá bhealach éalaithe ó do theach, agus cinntigh go gcoinnítear iad saor ó chonstaicí. Ba chóir duit a chinntiú freisin go bhfuil rochtain éasca ar eochracha aon fhuinneog nó doirse a d’fhéadfadh go mbeadh ort éalú tríothu. (Le haghaidh tuilleadh treorach maidir le plean aslonnaithe a dhéanamh, féach ar ár leathanach ar shábháilteacht ó dhóiteán riachtanach sa bhaile.)
Má tá tú gafa i do sheomra leapa le linn tine, ba chóir duit:
- An doras a dhúnadh agus bun an dorais a shéalú le tuáille nó blaincéad.
- Téigh go dtí an fhuinneog, oscail í agus déan iarracht aird daoine lasmuigh a tharraingt.
- Ar leibhéal an chéad urláir, mar rogha dheireanach, is féidir leat crochadh ó leac na fuinneoige agus titim ar an talamh. Ba chóir duit leanaí a scaoileadh síos go dtí an talamh ar dtús i gcónaí, mar d’fhéadfadh nach leanfaidís thú.
Cláir um Chosc Dóiteáin Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath
Tá cosaint Bhaile Átha Cliath ó dhóiteáin agus ó éigeandálaí eile lárnach i ngach rud a dhéanaimid. Reáchtálann Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath roinnt cláir shábháilteachta ó dhóiteán a bhfuil sé mar aidhm acu an pobal a spreagadh chun páirt a ghlacadh i gcosc dóiteáin.
Más mian leat go labhródh oifigeach dóiteáin le do scoil, do ghnó nó do phobal, déan teagmháil thíos.