Sábháilteacht Uisce Samhraidh Timpeall an Bhaile

Faigh amach leideanna Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath maidir le fanacht sábháilte in aice leis an uisce an samhradh seo.

Bíonn muid uile meallta ag uisce ar laethanta te an tsamhraidh, go háirithe páistí ar breá leo súgradh leis go minic. Mar sin féin, tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoi na guaiseacha a bhaineann le linnte lapadaíola agus linnte snámha a úsáid i rith mhíonna an tsamhraidh.

Seo roinnt leideanna duit chun fanacht sábháilte:

Here are some tips to help you stay safe:

  • Ná fág leanbh gan mhaoirseacht in uisce choíche. Is féidir go dtarlódh bá fiú i gcúpla ceintiméadar uisce.
  • Folmhaigh an linn lapadaíola a luaithe a bheidh do leanbh críochnaithe léi.
  • Caithfear uisce i linnte snámha nó lapadaíola níos mó a chóireáil lena chinntiú go bhfanann sé glan agus sláintiúil.
  • Coinnigh ceimiceáin cóireála uisce amach ó leanaí agus peataí i gcónaí.
  • Is féidir le huisce an corp a fhuarú go han-tapa, mar sin bí aireach ar hipiteirme.
  • Is féidir le claiseanna gainimh agus a gclúdaigh líonadh le huisce báistí. Déan cinnte go bhfolmhaítear iad.
  • Is contúirt do leanaí iad locháin, srutháin agus fiú locháiníní móra timpeall an tí.
  • Líonann butaí agus bairillí uisce le huisce freisin, mar sin cinntigh go bhfuil claibíní orthu nach féidir le leanaí a oscailt nó go bhfuil siad clúdaithe le mogalra sreinge.
  • Is scil tarrthála beatha luachmhar í Athbheochan Chardascamhógach (ACS), agus ba chóir go mbeadh a fhios ag gach duine conas í a dhéanamh. Tabhair cuairt ar www.irishheart.ie chun cúrsaí atá le reáchtáil i do cheantar a aimsiú.

Chun leideanna sábháilteachta uisce a fháil agus tú lasmuigh den bhaile, tabhair cuairt ar www.watersafety.ie.

Baile Átha Cliath a Choinneáil Sábháilte

Soláthraíonn Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath seirbhís dóiteáin, otharchairr éigeandála agus tarrthála lán-chomhtháite do na ceithre Údarás Áitiúla Bhaile Átha Cliath. Tá cosaint Bhaile Átha Cliath ó dhóiteáin agus ó éigeandálaí eile lárnach i ngach rud a dhéanaimid.

Trí chláir sábháilteachta ó dhóiteán, oideachas agus comhairle, tá sé mar aidhm againn pobail a spreagadh chun páirt a ghlacadh i gcosc dóiteán agus éigeandálaí eile. Más mian leat go labhródh oifigeach dóiteáin le do scoil, do ghnó nó do phobal, déan teagmháil thíos.

Contact Details