Páirceáil do Dhaoine faoi Mhíchumas
Más tiománaí faoi mhíchumas (nó paisinéir faoi mhíchumas i ngluaisteán thú), is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chead Páirceála do Dhuine faoi Mhíchumas.
Chun iarratas a dhéanamh ar Chead Páirceála do Dhuine faoi Mhíchumas (Suaitheantas Gorm), déan teagmháil le ceachtar de na heagraíochtaí seo a leanas:
- www.ddai.ie (Cumann Tiománaithe faoi Mhíchumas na hÉireann)
- www.iwa.ie (Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann)
Má tá deacracht soghluaiseachta fhisiciúil agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar bhá páirceála do dhuine faoi mhíchumas lasmuigh de do theach. Cuirfear bá den sórt sin ar fáil mura bhfuil aon pháirceáil lasmuigh den tsráid agat agus má chomhlíontar critéir áirithe eile.
Cuir iarratas isteach
Chun bá páirceála cónaithe do dhuine faoi mhíchumas a iarraidh, seol ríomhphost nó litir, chomh maith le d'ainm agus do sheoladh agus an t-eolas seo a leanas.
Sa chás go gcoinnítear carr go lánaimseartha ag an seoladh, ní mór d'iarratasóirí an méid seo a leanas a sheoladh:
- Cóip dá gCead Páirceála do Dhuine faoi Mhíchumas reatha, cóip de thosach agus cúl an cheada (i.e. Suaitheantas Gorm)
- Deimhniú i scríbhinn maidir le cibé an bhfuil páirceáil amach ón tsráid ag an teach nó nach bhfuil, m.sh. cabhsa/garáiste nó limistéar páirceála príobháideach amach ón tsráid a bhfuil rochtain air ó thaobh nó ar chúl na réadmhaoine - ní sholáthrófar bá áit a bhfuil páirceáil lasmuigh den tsráid
- Deimhniú i scríbhinn maidir le cibé an gcoinnítear an fheithicil go lánaimseartha ag an seoladh seo nó nach gcoinnítear, cé hé/hí tiománaí na feithicle agus má tá an tiománaí ina chónaí go lánaimseartha ag an seoladh seo
- Cóip de Cheadúnas an Tiománaí
Sa chás nach bhfuil aon charr ag an seoladh, agus go bhfuil an bá páirceála do dhaoine faoi mhíchumas á lorg lena úsáid ó am go chéile, ar nós bailiú ag an teaghlach, breithneoidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an t-iarratas ach caithfear a dheimhniú an bhfuil éileamh ard ar an mbóthar nó nach bhfuil, i.e., má tá an áitíocht ar an mbóthar níos mó nó níos lú ná 80%. Beidh iniúchadh ar an mbóthar i gceist leis seo. Idir an dá linn, ba cheart d'iarratasóirí na nithe seo a leanas a chur isteach:
- Cóip dá gCead Páirceála do Dhuine faoi Mhíchumas reatha, cóip de thosach agus cúl an cheada (i.e. Suaitheantas Gorm)
- Dearbhú i scríbhinn maidir le cibé an bhfuil páirceáil amach ón tsráid ag an teach nó nach bhfuil, m.sh. cabhsa/garáiste nó limistéar páirceála príobháideach amach ón tsráid a bhfuil rochtain air ó thaobh nó cúl na réadmhaoine - ní chuirfear bá ar fáil áit a bhfuil páirceáil amach ón tsráid
Tabhair faoi deara, le do thoil, má rangaítear an bóthar mar bhóthar ardéilimh, beidh ar iarratasóirí cóip dá dTeastas Míochaine Príomhúil HSE a chur isteach. Mar sin féin, scríobhfaidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath arís má tharlaíonn sé sin, de réir mar is gá.
Cuirfear d'iarratas le clár oibre an Ghrúpa Chomhairligh Thráchta atá ann cheana féin le scrúdú agus le tuairisciú ag an Innealtóir Tráchta Ceantair. Tabhair faoi deara, le do thoil, gur féidir leis an bpróiseas seo roinnt míonna a ghlacadh, ag brath ar líon iomlán na n-iarrataí atá ar láimh cheana féin le haghaidh scrúdú, cineál na n-iarratas, agus fáil a bheith ar acmhainní foirne teicniúla chun na hiarrataí seo a mheas.