An úsáid a bhainimid as fianáin

Úsáideann an suíomh gréasáin seo Google Analytics chun cabhrú le hanailísiú a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáideann úsáideoirí an suíomh. Úsáideann an uirlis anailíseach seo 'fianáin', ar comhaid téacs iad a chuirtear ar do ríomhaire, chun faisnéis chaighdeánach logála idirlín agus faisnéis iompraíochta cuairteoirí a bhailiú i bhfoirm anaithnid. Tarchuirtear an fhaisnéis a ghineann an fianán faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin (do sheoladh IP san áireamh) chuig Google. Úsáidtear an fhaisnéis seo ansin chun meastóireacht a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann cuairteoirí as an suíomh gréasáin agus chun tuarascálacha staitistiúla a thiomsú ar ghníomhaíocht an tsuímh ghréasáin do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (www.dublincity.ie)​

Ní úsáidfidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (ná ní cheadóidh sé d'aon tríú páirtí) an uirlis anailíse staidrimh chun aon fhaisnéis inaitheanta pearsanta de chuairteoirí ar ár suíomh gréasáin a rianú nó a bhailiú. Ní cheanglóimid aon sonraí a bhailítear ón suíomh seo le haon fhaisnéis a shainaithneodh go pearsanta ó aon fhoinse mar chuid dár n-úsáid ar uirlis anailíse staitistiúla Google. Ní cheanglóidh Google do sheoladh IP le haon sonraí eile atá i seilbh Google. Ní dhéanfaidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ná Google seoladh IP a nascadh, ná ní fhéachfaidh sé le seoladh IP a nascadh, le haitheantas úsáideora ríomhaire.

Úsáideann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath fianáin chun ligean do roghanna inrochtaineachta ar an suíomh feidhmiú i gceart i.e. - méid an téacs a mhéadú/a laghdú nó an chodarsnacht a athrú. Úsáidtear fianáin freisin chun ligean d'úsáideoirí fóin phóca leagan soghluaiste an tsuímh a bhrabhsáil.

Níos mó eolais faoi fhianáin

Is féidir leat a roghnú cibé acu is mian leat glacadh le fianáin nó gan glacadh leo laistigh de shocruithe do bhrabhsálaí.  De ghnáth, tabharfaidh do bhrabhsálaí an rogha duit fianáin a ghlacadh, a dhiúltú nó a scriosadh i gcónaí nó ó shuíomhanna gréasáin ar leith nó i gcás “fianáin tríú páirtí” (iad siúd ó sholáthraithe a úsáideann úinéirí an tsuímh ghréasáin).

Athraíonn roghanna agus bainistíocht na bhfianán ag brath ar an mbrabhsálaí ab fhearr leat. Seo thíos naisc chuig treoracha roinnt déantúsóirí móréilimh maidir le conas is féidir leat do chuid sainroghanna fianán a bhainistiú.

Internet Explorer

Google Chrome

Firefox

Safari

Safari Mobile