Cé sinn agus cén fáth a dteastaíonn do chuid faisnéise uainn?

Féachann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha chathair Bhaile Átha Cliath a chur chun cinn agus, ar an gcaoi sin, cuireann sí go mór le caighdeán beatha mhuintir chathair Bhaile Átha Cliath a fheabhsú.

Tá seachadadh seirbhísí ardchaighdeáin, atá curtha in oiriúint chun freastal ar riachtanais ár gcustaiméirí go léir, fós ar cheann de phríomhchuspóirí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus tá sé san áireamh inár bPlean Corparáideach. Cuimsíonn an tseirbhís ardchaighdeáin seo ní hamháin leibhéal agus cáilíocht na seirbhíse a thugtar dár gcustaiméirí, ach freisin cáilíocht ár bpróisis chinnteoireachta, éifeachtacht agus éifeachtúlacht ár n-oibríochtaí corparáideacha, caighdeán ár saoráidí agus ár gcumas oiriúnú i dtimpeallacht atá ag athrú i gcónaí.

Ar mhaithe leis an raon seirbhísí is éifeachtaí agus is spriocdhírithe a sholáthar chun freastal ar riachtanais shaoránaigh, phobail agus ghnólachtaí chathair Bhaile Átha Cliath, éilítear orainn cineálacha áirithe faisnéise faoi dhaoine agus eagraíochtaí a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid. Ag brath ar an tseirbhís atá á lorg nó á soláthar, d'fhéadfadh go n-áireofaí san fhaisnéis atá á lorg ná ’sonraí pearsanta’ mar a shainmhínítear iad leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus le Rialachán Ginearálta an AE um Chosaint Sonraí 2016 (RGCS).  D'fhéadfadh baint a bheith ag na sonraí pearsanta le húsáideoirí seirbhíse roimhe seo agus amach anseo; le fostaithe roimhe seo, reatha agus ionchasacha; le soláthraithe agus le baill den phobal a d'fhéadfadh dul i mbun cumarsáide le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Ina theannta sin, d'fhéadfá go mbeadh ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ó am go ham cineálacha áirithe sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid chun ceanglais rialála nó reachtacha a chomhlíonadh nó de réir mar is gá go réasúnach chun ár bhfeidhmeanna a chomhlíonadh.