Cad iad na sonraí pearsanta a theastaíonn uainn?

Is féidir na cineálacha sonraí pearsanta a d'fhéadfaí a iarraidh ort a chur ar fáil a chatagóiriú mar seo a leanas:

Sonraí Teagmhála 

Chun teagmháil a dhéanamh leat, iarrfar ort sonraí teagmhála a sholáthar. Ní gá duit na sonraí teagmhála go léir a sholáthar ach má sholáthraíonn tú níos mó, mar shampla ríomhphost, fón, seoladh, bíonn sé níos éasca cumarsáid a dhéanamh. 

Sonraí faoi Chúinsí Pearsanta

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar sheirbhís ar leith ón údarás áitiúil, iarrfar ort méid éagsúil sonraí pearsanta a bhaineann go sonrach leat féin agus le do theaghlach, chun tacú le d'iarratas. Tá an fhaisnéis a theastaíonn uainn leagtha amach ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath  i sraith foirmeacha iarratais ar leithligh agus ar leith a bhaineann le gach seirbhís. Leagfar amach sonraí sonracha próiseála do gach seirbhís sna foirmeacha iarratais faoi seach.

  • Na sonraí pearsanta a cheanglaítear a sholáthar mar chuid de d'iarratas agus cibé an bhfuil aon “chatagóirí speisialta sonraí” ann amhail sonraí a bhaineann le do shláinte;
  • Na críocha a bpróiseáiltear do shonraí pearsanta ina leith;
  • An bonn dlí a chuireann ar chumas Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil;
  • Sonraí faoi eagraíochtaí eile a bhféadfadh go mbeadh orainn do chuid sonraí a roinnt leo;
  • Sonraí faoin gcaoi a gcoinneofar do shonraí pearsanta slán ó phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach; agus
  • Sonraí faoin tréimhse a choinneoidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath do shonraí pearsanta (nó na critéir a úsáidimid chun a chinneadh cé chomh fada agus is gá sonraí pearsanta a choinneáil).

Sonraí Airgeadais 

​Más mian leat iarratas a dhéanamh ar sheirbhís ar leith ón údarás áitiúil, d'fhéadfaí go n-iarrfaí ort méid éagsúil sonraí airgeadais pearsanta a bhaineann go sonrach leat féin agus le do theaghlach, chun tacú le d'iarratas. Beidh an fhaisnéis a theastaíonn uainn leagtha amach ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i sraith foirmeacha iarratais ar leithligh agus ar leith a bhaineann le gach seirbhís.