Cén fáth a bhfuil ráiteas príobháideachais againn?

Chruthaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an ráiteas príobháideachais seo chun ár dtiomantas daingean don phríobháideachas a léiriú agus chun a dhearbhú duit go ndéanfaimid ár ndícheall slándáil na sonraí a sholáthraíonn tú dúinn a chinntiú i ngach gnó a dhéanfaidh tú le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Cruthaíonn, bailíonn agus próiseálann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath méid suntasach sonraí pearsanta i bhformáidí éagsúla ar bhonn laethúil. D'fhéadfá go gcuirfidh tú na sonraí sin isteach trí fhoirmeacha iarratais nó ar ár suíomh gréasáin nó trí chomhfhreagras leat. D'fhéadfadh muid faisnéis fút a fháil freisin ó fhoinsí eile amhail ranna rialtais nó comhlachtaí reachtúla eile agus ó thríú páirtithe eile (lena n-áirítear baill den phobal) agus ó fhoinsí poiblí nuair is gá.  Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tiomanta do shonraí pearsanta a úsáid, ar sonraí iad :- 

  • A fuarthas go dleathach, go cothrom agus ar bhealach trédhearcach
  • A fuarthas chun críocha sonraithe, follasacha agus dlisteanacha amháin
  • Atá leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun na críocha a fuarthas é
  • Taifeadta, stóráilte go cruinn agus go slán agus, nuair is gá, coimeádta cothrom le dáta
  • Coinnithe chomh fada agus is gá chun na críocha a fuarthas iad.
  • Próiseáilte ar bhealach a chinntíonn slándáil iomchuí na sonraí pearsanta amháin, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach.

Uaireanta, is féidir go mbeidh orainn teagmháil a dhéanamh leat.  Nuair a chuireann tú sonraí pearsanta ar fáil do roinn amháin laistigh de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, d’fhéadfaí iad a bheith roinnte le ranna eile laistigh den Chomhairle fad is atá an chomhroinnt inmheánach sin ábhartha, comhréireach agus riachtanach go réasúnach chun ár bhfeidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh.  I measc na samplaí de chásanna a d'fhéadfadh ranna laistigh de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath faisnéis a roinnt lena chéile, tá: 

  • Chun imscrúdú agus ionchúiseamh sáruithe agus cionta rialála a éascú m.sh. d'fhéadfadh go mbeadh faisnéis ag an roinn comhshaoil a chabhródh leis an roinn pleanála in ionchúisimh agus iarratais ar fhaoiseamh urghaire; agus
  • Chun a chumasú airgead atá dlite don Chomhairle a chúiteamh, in aghaidh suimeanna atá dlite den Chomhairle don duine sin, de bhun alt 7 den Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais) (Uimh. 2) 1983.

D'fhéadfadh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath do chuid faisnéise a roinnt freisin le heagraíochtaí eile nuair is gá agus nuair a cheadaítear nó nuair a cheanglaítear sin leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear údaráis agus comhlachtaí poiblí eile.  D'fhéadfadh sonraí pearsanta a roinnt freisin le próiseálaithe sonraí tríú páirtí atá freagrach as tacú le hoibríochtaí na Comhairle.

Is é an príomhbhonn dlí chun do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil ná (i) go bhfuil próiseáil den chineál sin riachtanach chun ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh agus/nó (ii) go bhfuil sé riachtanach dúinn ár gcúraimí a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail agus/nó i bhfeidhmiú údarás oifigiúil atá dílsithe dúinn.

Ní choinneoimid do shonraí pearsanta ach chomh fada agus a theastaíonn sé uainn chun ár bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, agus ina dhiaidh sin scriosfar iad trí mhodhanna cuí agus slána.  Má tharlaíonn sé go gceanglaítear orainn do chuid sonraí a aistriú lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“LEE”) ní dhéanfaimid amhlaidh ach amháin nuair is féidir linn an t-aistriú a dhaingniú le cosaintí iomchuí agus nuair a bhíonn ceart dlíthiúil againn é sin a dhéanamh.