Do Chearta

Tá na cearta seo a leanas agat, i gcúinsí áirithe agus faoi réir díolúintí infheidhme, maidir le do shonraí pearsanta:

  • an ceart chun rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta atá againn fút, mar aon le faisnéis eile faoinár bpróiseáil ar na sonraí pearsanta sin;
  • an ceart a cheangal orainn aon mhíchruinneas i do shonraí pearsanta a cheartú; 
  • an ceart a iarraidh orainn do chuid sonraí pearsanta a scriosadh;
  • an ceart a iarraidh nach bpróiseálfaimid do chuid sonraí pearsanta a thuilleadh chun críocha áirithe; 
  • an ceart cuir i gcoinne ár n-úsáide de do chuid sonraí pearsanta nó an bealach a bpróiseálaimid iad; agus
  • an ceart chun do chuid sonraí pearsanta, a chuir tú ar fáil dúinn, a fháil i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín nó a cheangal orainn na sonraí sin a aistriú chuig rialaitheoir eile. 

Tabhair faoi deara, chun cabhrú le do phríobháideacht a chosaint, go ndéanaimid bearta chun d'aitheantas a fhíorú sula ndeonaímid rochtain ar shonraí pearsanta.

Más mian leat aon cheann de na cearta seo a fheidhmiú, cuir iarratas chuig ár nOifigeach Cosanta Sonraí ina leagtar amach sonraí sonracha an iarratais: ​

Ríomhphost: [email protected]  Teil: 01 2223775  

Próiseálfar gach iarratas bailí gan moill mhíchuí agus ar aon chuma laistigh de mhí amháin ón iarratas a fháil.  D'fhéadfaí an tréimhse sin a fhadú go ceann dhá mhí eile más gá.