Aguisín 3: Gearáin faoin Acht um Míchumas, 2005: Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath - Modh Déanta Gearán

Is féidir le duine gearán a dhéanamh le hOifigeach Fiosrúchán Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maidir le teip an Údaráis Áitiúil cloí le hAlt 25, 26, 27, 28 nó 29 den Acht um Míchumas, 2005.

 Alt 25: cinnteoidh comhlacht poiblí go bhfuil a fhoirgnimh phoiblí, chomh fada agus is féidir, inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

 Alt 26: cinnteoidh comhlacht poiblí go bhfuil a sheirbhísí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, nuair is féidir agus is cuí. Ceapfaidh an comhlacht poiblí oifigeach/oifigigh chun treoir agus tacaíocht a chur ar fáil chun a chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar sheirbhísí an chomhlachta phoiblí.  Maidir le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, tá na sonraí teagmhála ag bun an doiciméid seo. 

Alt 27: áit a bhfuil seirbhís á cur ar fáil ag an gcomhlacht poiblí sin, cinnteoidh ceann an chomhlachta go bhfuil an tseirbhís inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. 

Alt 28: áit a ndéanann comhlacht poiblí cumarsáid le níos mó ná duine amháin, cinnteoidh an comhlacht sin, chomh fada agus is féidir, go bhfuil ábhar na cumarsáide sin i bhformáid atá inrochtana don duine/ do na daoine a mbaineann sé leis/leo. 

Alt 29: cinnteoidh ceann an chomhlachta phoiblí, chomh fada agus is féidir, go bhfuil an suíomh oidhreachta uilig nó cuid de atá faoina úinéireacht, bhainistíocht nó smacht agus a bhfuil rochtain ag an bpobal air, inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus gur féidir leo cuairt a thabhairt air gan dua, le dínit. 

Tabharfar faoi fhiosrúcháin an Oifigigh Fiosrúcháin i gcomhréir le hAlt 39 den Alt um Míchumas, 2005.  Eiseofar tuairisc ina leagfar amach torthaí an Oifigigh Fiosrúcháin; dearbhófar mar chuid de seo, cé acu an locht an Údaráis Áitiúil a bhí i gceist leis an ábhar a ndearnadh gearán faoi nó nach ea.  Sa chás go n-aithnítear teip, leagtar amach na céimeanna sa tuairisc, atá le glacadh chun a chinntiú go gcomhlíontar leis an Alt amach anseo.