Ag monatóireacht ár bhfeidhmíochta

Is éard atá i gceist le soláthar seirbhíse ardchaighdeáin do chustaiméirí ná seirbhís ar an gcaighdeán is airde a sholáthar do gach custaiméir, agus a chinntiú go ndéantar feabhas leanúnach ar chaighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil. Táimid tiomanta do mhonatóireacht a dhéanamh ar ár bhfeidhmíocht mar seo a leanas:

  • aiseolas a lorg ó chustaiméirí agus foghlaim ó ghearáin na gcustaiméirí chun réimsí ar féidir feabhas a chur orthu a shainaithint
  • measúnú a dhéanamh ar thionchar na mbeart leagtha amach sa Phlean Gníomhaithe seo

Déanfar dul chun cinn chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaithe um Sheirbhís do Chustaiméirí a thuairisciú inár dTuarascáil Bhliantúil.