10. Comhordú níos fearr

Beifear ag obair chun cur chuige níos comhordaithe, seasta a fhorbairt i leith sholáthar ár seirbhísí do chustaiméirí ionas go bhfaighidh custaiméirí eolas cruinn faoinár seirbhísí, beag beann ar conas a théann siad i dteagmháil linn.

ID an Bhirt Bearta
10.1 Clár ár seirbhísí a fhorbairt ionas go gcuirtear eolas seasta ar fáil dár gcustaiméirí faoinár seirbhísí
10.2 An t-eolas seirbhíse a theastaíonn ón bhfoireann túslíne a chur ar fáil di, ionas go réitítear ceist an chustaiméara le linn an chéad phointe teagmhála, sa mhéid atá indéanta