Aguisín 4: Saoráil Faisnéise

Tugann na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 2014 an ceart dlíthiúil duit:

  • Rochtain a fháil ar do thaifid phearsanta agus aon taifid oifigiúla eile de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
  • Na sonraí pearsanta atá ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath fút a cheartú nó a nuashonrú, má tá an fhaisnéis neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
  • Na cúiseanna  a fháil a bhaineann le haon chinneadh a rinne Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a bhfuil tionchar aige ort

 

Is féidir leat iarratas scríofa um Shaoráil Faisnéise a chur isteach mar seo a leanas:

  • Foirm Iarratais oifigiúil um Shaoráil Faisnéise a líonadh amach nó litir ina dtagraítear don Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 a sheoladh chuig:

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Oifigeach um Shaoráil Faisnéise

Aonad Bainistíochta Eolais

Bloc 3, Urlár 4,

Oifigí na Cathrach

An Ché Adhmaid

Baile Átha Cliath 8

Teil: (01) 222 3775

ríomhphost: [email protected]

Tá an Fhoirm Iarratais um Shaoráil Faisnéise ar fáil ar ár suíomh gréasáin nó inár n-oifigí.

Nóta: Ar mhaithe le moill a sheachaint bí chomh sonrach agus is féidir nuair a bhíonn iarratas á dhéanamh agat ar thaifid a fháil.

Is iad seo a leanas na céimeanna a ghlacfar i ndiaidh duit iarratas a chur isteach:

  • Cuirfear in iúl go bhfuarthas d’iarratas laistigh de choicís
  • Déanfar cinneadh laistigh de cheithre seachtaine (tabhair do d’aire, más iarratas casta go leor é nó má bhaineann go leor taifead leis, is laistigh d’ocht seachtaine a dhéanfar an cinneadh).  Go ginearálta, mura bhfreagraítear laistigh de cheithre seachtaine thú, meastar de réir an Achta gur diúltaíodh do d’iarratas

Má dhiúltaítear do d’iarratas go hiomlán, nó cuid de, ar dtús, is féidir leat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh chuig oifigeach sinsearach laistigh de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Arís, ní mór iarratais achomhairc a chur i scríbhinn chuig an seoladh thuas. Más do thaifid neamhphearsanta é d’iarratas, beidh táille €30 iníoctha do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i gceist ag an gcéim seo. 

Tá eolas maidir leis an gcineál faisnéise atá againn chomh maith le struchtúr ár n-eagraíochta ar fáil inár ‘Guide to the functions, structure and records of Dublin City Council’ atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin nó mar chóip chrua má théitear i dteagmháil linn san oifig.

Má tá tú fós míshásta, is féidir leat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise, ar oifig neamhspleách í, a bhfuil an t-údarás aici athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí a rinne Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Oifig an Choimisinéara Faisnéise

18 Sráid Líosain Íochtarach

Baile Átha Cliath 2

Teil: 01 639 5689

ríomhphost: [email protected]  

suíomh gréasáin: www.oic.gov.ie