11. Custaiméir Inmheánach

Tacófar leis an bhfoireann ina ról sa tseirbhís do chustaiméirí. Aithnítear ár bhfoireann mar chustaiméirí inmheánacha agus soláthrófar an méid céanna cúirtéise, saoráidí agus leibhéal seirbhíse di mar a sholáthraítear do chustaiméirí seachtracha. Cuirfear seirbhísí ardchaighdeáin, prasa ar fáil do Chomhairleoirí a aithníonn a róil thábhachtacha mar ionadaithe agus mar cheannairí an phobail.

 

ID an Bhirt Bearta
11.1 Bealaí a fhorbairt chun baill foirne a aithint atá ag cur seirbhís mhaith do chustaiméirí ar fáil, ionas gur féidir caighdeán ár seirbhíse a chothú agus a fheabhsú
11.2 Dul i dteagmháil leis an bhfoireann túslíne chun ceisteanna agus réimsí a shainaithint, inar féidir linn feabhas a chur ar ár seirbhís do chustaiméirí
11.3 Freagra a thabhairt ar Ionadaithe na gComhairleoirí chomh sciobtha, cruinn agus is féidir, laistigh na tréimhse don chumarsáid scríofa atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaithe seo
11.4 Uirlisí cumarsáide a fhorbairt do Chomhairleoirí ionas go mbeidís ar an eolas maidir le hócáidí áitiúla, bristeacha seirbhíse etc. gan mhoill