Cíosanna Tithíochta

Bailítear do chuid faisnéise chun airgead atá dlite do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i leith cíosanna a mheas agus a phróiseáil. 

Foráiltear don bhunús dlí faoi Achtanna na dTithe 1966 -2014, faoin Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2) 1978, faoin Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta 2012, faoi Scéim na gCíosanna Difreálacha de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, faoi scéim Cheannach Tionóntaí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005.

Is féidir go roinnfear an fhaisnéis a sholáthraíonn tú le:

  • An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí – maidir le Calaois Leasa Shóisialaigh
  • An Post - chun íocaíocht cíosa a éascú tríd an scéim Bhuiséadach Teaghlaigh
  • An Garda Síochána - chun calaois agus coireacht a bhrath
  • Bainc - chun íocaíocht cíosa trí dhochar díreach a éascú
  • Aturnaetha - maidir le cuntais de Thionóntaí ag Ceannach
  • Comhairleoirí - maidir le cíosanna talún agus uiríll thar ceann tionóntaí a cheannach amach 
  • Oifigí Ceantair DCC - maidir le hiarratais chun cónaí, teaghaisí tréigthe, iompar frithshóisialta
  • Ranna DCC eile - Airgeadas, Cothabháil Tithíochta, Bainistiú Dramhaíola, Iasachtaí & Deontais, Ceannach ag Tionóntaí, ÍCT, SSC, Leithdháiltí, Daoine Gan Dídean, Leas Tithíochta, Rannóg an Lucht Siúil

Coinnítear do chuid faisnéise ar feadh 7 mbliana tar éis duit scor de bheith i do thionónta atá faoi dhliteanas cíos a íoc mura bhfuil imeachtaí bailithe fiachais leanúnacha ann agus sa chás sin coinneofar do chuid faisnéise go dtí go n-íocfar airgead atá dlite. 

Ceanglaítear ort faoi do Chomhaontú Tionóntachta le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath sonraí iomlána agus mionsonraithe a sholáthar faoi d'ioncam agus faoi ioncam aon duine den teaghlach a chónaíonn leat. Ní mór duit an Chomhairle a chur ar an eolas faoi aon athrú ar ioncam uait féin nó ó bhall teaghlaigh a luaithe a tharlaíonn an t-athrú.  Mura ndéantar amhlaidh, d'fhéadfaí an cíos uasta a chur i bhfeidhm. D'fhéadfaí go dtiocfadh méadú ar riaráistí freisin. Má theipeann ort do riaráistí a íoc, d'fhéadfadh ordú ón gCúirt lena ndíshealbhú a bheith mar thoradh air sin.

Faigheann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath sonraí pearsanta ó:

  • An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí - chun sonraí a fháil faoi ioncam Leasa Shóisialaigh, UPSPanna, dátaí breithe
  • Na Coimisinéirí Ioncaim - le haghaidh sonraí i dtaobh fostaíochta agus ioncaim
  • Tithe Altranais, Ospidéil, Oibrithe Sóisialacha - breoiteacht a dhaingniú nó tionónta a ligean isteach i dteach altranais/ospidéal 

Aturnaetha - maidir le heastát tionónta