Deontais Tithe

Bailítear do chuid faisnéise chun d'iarratas a mheas agus a riar faoin Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas, faoin Scéim Deontais Áiseanna Soghluaisteachta agus faoin Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta

Is é an bunús dlí chun an fhaisnéis seo a bhailiú ná d'iarratas a phróiseáil agus a cheadú faoi cheann de na trí scéim deontais atá á riar ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Is féidir go roinnfear an fhaisnéis a sholáthraíonn tú le:

  • An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil – le haghaidh aisíocaíochta
  • Comhairleoirí ag gníomhú thar ceann iasachtaithe le toiliú i scríbhinn
  • Ranna Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath - Airgeadas Tithíochta, Seirbhísí Bainistíochta Tithíochta – chun críocha staidrimh agus taighde

Coinnítear do chuid faisnéise ar feadh 7 mbliana tar éis an deontas a íoc amach. Coimeádfar clár ina dtaispeántar taifead ar íocaíochtaí agus sceideal na n-oibreacha a dhéantar go buan.