Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT)

Bailítear do chuid faisnéise chun d'iarratas ar an Scéim Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) a mheas agus a riar.

Foráiltear don bhunús dlí chun na sonraí seo a bhailiú faoi Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2014, faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 (arna leasú), faoi na Rialacháin um Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (Leasú) 2017, faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt (Tithíocht) agus faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2016 agus faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005 (arna leasú), faoi na Caighdeáin Phríobháideacha ar Cíos, faoin Scéim um Chíos Difreálach.

Is féidir go roinnfear an fhaisnéis a sholáthraíonn tú le:

  • Ionad Seirbhísí Comhroinnte ÍCT – comhlacht riaracháin lárnach a bhfuil baint aige le riaradh na Scéime ÍCT
  • An Post – chun íocaíocht do ranníocaíochta cíosa a éascú tríd an Scéim Bhuiséadach Teaghlaigh
  • Bainc/Comhair Chreidmheasa – chun íocaíocht do ranníocaíochta cíosa a éascú trí Bhuanordú
  • Rannóga Éagsúla Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath – Leithdháiltí Tithíochta, an Rannóg Sláinte Comhshaoil chun incháilitheacht don Scéim ÍCT a mheas agus chun cigireachtaí maoine a shocrú 
  • An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil – chun críocha staidrimh agus taighde
  • An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí – chun calaois a chosc nó a bhrath
  • An Garda Síochána – chun calaois a chosc nó a bhrath
  • An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe – chun clárú tionóntachtaí a chinntiú
  • Na Coimisinéirí Ioncaim – a chinntiú go bhfuil an Tiarna Talún/Gníomhaire cáin-chomhlíontach

Coinneofar do chuid faisnéise ar feadh 7 mbliana tar éis duit scor de bheith mar fhaighteoir ÍCT mura bhfuil airgead dlite do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maidir le do ranníocaíocht chíosa sheachtainiúil agus sa chás sin coinneofar do chuid faisnéise go dtí go mbeidh an t-airgead dlite íoctha go hiomlán. 

Féadfaidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, chun críocha a feidhmeanna faoin reachtaíocht thuas, faisnéis a iarraidh agus a fháil tráth ar bith ó:

  • An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí – chun sonraí a fháil faoi íocaíochtaí leasa shóisialaigh, UPSPanna, dátaí breithe, íocaíochtaí cíosa le tiarnaí talún

Na Coimisinéirí Ioncaim – chun sonraí a fháil faoi fhostaíocht agus ioncam