Iasachtaí, Díolacháin agus Tacaíocht Morgáiste
Bailítear do chuid faisnéise chun Iarratais Iasachta a mheas agus a phróiseáil, chun Cuntais Iasachta a chothabháil agus a bhainistiú agus chun riaráistí morgáiste atá dlite do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a mheas.
Is é an bunús dlí chun an fhaisnéis a phróiseáil ná an morgáiste a ndearna tú iarratas air chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath faoi na Rialacháin Tithíochta (Iasachtaí Tithe faoi Atógáil Éireann), 2018 agus chun iasachtaí atá ann cheana a chothabháil nó morgáistí a phróiseáil atá á mbainistiú anois faoin bPróiseas Réitigh do Riaráistí Morgáiste (MARP)
Is féidir an fhaisnéis a chuireann tú ar fáil a roinnt le:
- An Ghníomhaireacht Tithíochta chun críocha frithgheallta.
- Príomh-Chlár Creidmheasa agus Biúró Creidmheasa na hÉireann le haghaidh seiceálacha creidmheasa ar iarratasóirí agus ar shealbhóirí morgáiste agus tuairisciú ar fheidhmíocht Iasachtaí.
- Cuardaitheoirí dlí maidir le seiceálacha breithiúnais ar iasachtaithe féideartha
- Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe d’iarratasóirí ar Thithíocht Inacmhainne
- Gemini Consultants chun an Córas Bainistíochta Iasachtaí a chothabháil, Cygnus.
- Marsh Ireland Ltd., Underwrites for Utmost PanEurope le haghaidh Árachas Cosanta Morgáiste
- An Post, Bainc, Cumainn Fhoirgníochta, Comhair Chreidmheasa chun íocaíocht morgáistí a éascú.
- An tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS)
- Soláthraithe de sheirbhís buiséadaithe neamhspleách fostaithe ag iasachtaithe go díreach.
- Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann
- Comhairleoirí Cathrach Bhaile Átha Cliath ag gníomhú thar ceann iasachtaithe le toiliú i scríbhinn.
- Ranna eile de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath – Leithdháiltí Tithíochta, Cothabháil Tithíochta, Cíosanna Difreálacha, Airgeadas Tithíochta, Seirbhísí Bainistíochta Tithíochta, Oifigí Ceantair Áitiúla, an Roinn Dlí agus Roinn Luachálaí
- An Garda Síochána do sheiceálacha Bainistíochta Eastáit.
- Aturnaetha Neamhspleácha, Gníomhairí Eastáit, Luachálaithe, Suirbhéirí agus Comhairleoirí Fiachais a fhostaíonn iasachtaithe.
- An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, An Roinn Ioncaim
I gcás iarratas ar mhorgáiste a chuirtear ar ceal ina dhiaidh sin, coinnítear do chuid faisnéise do 1 bhliain tar éis an iarratais.
I gcás sealbhóirí morgáiste atá ann cheana, coinnítear do chuid faisnéise ar feadh 7 mbliana tar éis an morgáiste a fhuascailt.
Coinnítear do chuid faisnéise ar feadh 7 mbliana tar éis duit do mhorgáiste a fhuascailt mura bhfuil bailiú fiachais leanúnach ann agus sa chás sin coinneofar do chuid faisnéise go dtí go n-íocfar an t-airgead atá dlite ina iomláine.
I gcás na Scéime Morgáiste go Cíos (fiachas iarmharach atá dlite) coimeádtar do chuid faisnéise go dtí go n-íocfar an fiachas iarmharach nó go dtí go mbíonn 15 bliana caite, cibé acu is túisce.
I gcás na Scéime Morgáiste go Cíos (creidmheas cothromais dearfach ar chuntas cíosa), coinnítear do chuid faisnéise go dtí go n-úsáidfear an creidmheas cothromais cíosa suas nó go dtí go mbíonn 15 bliana caite, cibé acu is túisce.