Obair Shóisialta
Próiseáiltear do chuid faisnéise mar thoradh ar d'idirghníomhú le Seirbhís Oibre Sóisialta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Déantar foráil maidir leis an mbunús dlí don phróiseáil seo sa mhéid a leanas:
Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 – alt 32(2),
An tAcht um Chosaint Sonraí, 2018, Alt 52, Alt 3 agus 4
An tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, 2005, Alt 2
An tAcht um Aitheantóirí Sláinte, 2014.
Is féidir go roinnfear an fhaisnéis a sholáthraíonn tú le
- rannóga eile de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
- An Garda Síochána
- FSE
- TUSLA
- comhlachtaí deonacha nó aon chomhlachtaí údaraithe eile a d'fhéadfadh, inár dtuairim, cabhrú le d'iarratas a bhreithniú.
- I gcúinsí áirithe, d'fhéadfadh sé go gceanglófaí orainn go dlíthiúil sonraí atá á gcoinneáil againn a roinnt, a bhféadfadh do shonraí pearsanta a bheith san áireamh iontu, mar shampla, nuair a bhíonn baint againn le himeachtaí dlí nó nuair a ordaítear cúirt. Chomh maith leis sin, tá sé de shainordú againn de réir an dlí faisnéis a roinnt le TUSLA, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, áit a bhféadfadh leanbh a bheith i mbaol díobhála.
Coinnítear do chuid sonraí ar feadh 7 mbliana ach amháin sa chás go moltar tosaíocht tithíochta, agus sa chás sin coinneofar an fhaisnéis go dtí go nglacfar le tairiscint cóiríochta, nó i gcúinsí eisceachtúla eile.