Cothabháil Tithíochta
Bailítear do chuid faisnéise chun seirbhís bainistíochta agus cothabhála a sholáthar do stoc tithíochta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath de réir polasaithe, pleananna, riachtanais dhlíthiúla agus rialála ábhartha.
Tá an bunús dlí le haghaidh próiseála trí Chothabháil Tithíochta le fáil den chuid is mó sa reachtaíocht seo a leanas:
- Acht na dTithe 1966 agus 1988
- Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1979-2014
- An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004
- Na hAchtanna um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú) 2009 agus 2015
- Tithíocht (Caighdeáin do Thithe ar Cíos), 2017
Is féidir go roinnfear an fhaisnéis a sholáthraíonn tú le:
- Conraitheoirí atá fostaithe tar éis próiseas tairisceana chun obair a dhéanamh ar ár son.
- Teiripeoirí Saothair agus sainchomhairleoirí nuair is gá.
Coinnítear do chuid faisnéise ar feadh shaolré an tí mar theaghais ar cíos ar an gcomhad tithíochta/tionóntachta + 7 mbliana ón uair nach maoin de chuid an údaráis áitiúil í an teach a thuilleadh.
Tá an fhaisnéis riachtanach chun go bhféadfaimis an obair a iarradh/a theastaíonn de réir an chomhaontaithe Tionóntachta a dhéanamh.