Leithdháiltí & Aistrithe Tithe
Bailítear do chuid faisnéise chun iarratais ar Leithdháiltí agus Aistrithe Tithe Sóisialta a phróiseáil.
Déantar foráil maidir leis an mbunús dlí faoi –
- Alt 21 d'Acht na dTithe, 2009 (Forálacha Ilghnéitheacha)
- Rialacháin Mheasúnaithe do Thithíocht Shóisialta 2011/Scéim Leithdháiltí 2018
Is féidir go roinnfear an fhaisnéis a sholáthraíonn tú le –
- An Garda Síochána – oiriúnacht do thithíocht shóisialta
- Ionadaithe Poiblí – teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath thar do cheann
- Aturnaetha – Ceannacháin/éadálacha tionóntaí
- Ionadaí Leighis/Dochtúir Teaghlaigh – ag tacú le hiarratais tosaíochta
- Oifigí ceantair DCC – maidir le hiarratais chun cónaí, iompar frithshóisialta
- Ranna DCC eile – Airgeadas, Cothabháil Tithíochta, Bainistiú Dramhaíola, ÍCT, SCC, Daoine gan Dídean, Leas Tithíochta, Rannóg an Lucht Siúil, Ceannach ag Tionóntaí
Coinneofar do chuid faisnéise ar feadh tréimhse trí (3) bliana má chuirtear d'iarratas ar ceal.
Coinneofar na comhaid seo a leanas ar feadh tréimhse deich (10) mbliana tar éis dheireadh na tionóntachta –
Iarratasóirí a fhaigheann ÍCT (Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta), SCC, tionóntacht Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Forlíonadh Cíosa, Comhlacht Ceadaithe Tithíochta.
Coinneofar gach iarratas gníomhach ar thacaíocht tithíochta sóisialta, go dtí go gcomhlíonfar do riachtanas tithíochta.
Ní fhéadfar iarratasóirí a mhainníonn nó a dhiúltaíonn na sonraí pearsanta riachtanacha a chur isteach chun iarratais a phróiseáil a chur ar an liosta le haghaidh tacaíochta tithíochta sóisialta (liosta tithíochta).