Scéim Cóiríochta Cíosa
Bailítear do chuid faisnéise mar Thiarna Talún le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun Feidhm Tithíochta Sóisialta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a riar.
Foráiltear don bhunús dlí chun na sonraí seo a bhailiú faoi Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2014, faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 -2016 (arna leasú), faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt (Tithíocht) agus faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2016, faoi Scéim na gCaighdeán Príobháideach ar Cíos, faoin Scéim um Chíos Difreálach.
Is féidir go roinnfear an fhaisnéis a sholáthraíonn tú le:
- Rannóga riaracháin éagsúla de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a bhfuil baint acu le riaradh na Scéime SSC
- An Rannóg Leithdháiltí
- Rannóg na Sláinte Comhshaoil
- Airgeadas - Aonad Socraithe agus Rannóg Íocaíochtaí an tSoláthraí
- An Roinn Dlí
- Riarthóir Tithíochta
- An Rannóg Deonacha Tithíochta
- An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil – chun críocha staidrimh agus taighde
- An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe – chun clárú tionóntachtaí a chinntiú
- Na Coimisinéirí Ioncaim – chun a chinntiú go bhfuil an Tiarna Talún/Gníomhaire cáin-chomhlíontach
- Tuath Housing Association
Coinneofar do chuid faisnéise ar feadh 5 bliana tar éis duit scor de bheith i do Thiarna Talún SSC nó ar fhoirceannadh Léas Fadtéarmach.