6. Gearáin agus Achomhairc

Coinneofar córas dea-phoiblithe, inrochtana, trédhearcach agus éasca le húsáid maidir le déileáil le gearáin faoi chaighdeán na seirbhíse a cuireadh ar fáil.

Tá ár Modh Déanta Gearán do Chustaiméirí, ina gcuirtear síos conas achomhairc a dhéanamh chomh maith, le fáil in Aguisín 2 an Phlean Gníomhaithe seo.

ID an Bhirt Bearta
6.1 Déileáil le gach gearán laistigh de na frámaí ama atá leagtha amach inár modh déanta gearán do chustaiméirí
6.2 An Modh Déanta Gearán do Chustaiméirí a fhógairt go poiblí ionas go mbeidh custaiméirí ar an eolas maidir lena gceart gearán a dhéanamh