Cairt Chustaiméirí
Ár dtiomantas duit
An tseirbhís is fearr is féidir a chur ar fáil duit ar bhealach éifeachtach agus measúil
Cúirtéis agus Breithniúchán
Tá tú i gcónaí i dteideal go bhfreastalaítear ort:
- go sciobtha agus ar bhealach cúirtéiseach
- le meas ar phríobháideacht agus ar rúndacht
- ag foireann chairdiúil agus chabhrach
Cáilíocht agus Rogha
Déanfaimid:
- déileáil le do cheist ag do chéad phointe teagmhála nuair is féidir
- ár seirbhísí a chur ar fáil trí réimse bealaí ionas gur féidir leat rochtain a fháil ar ár seirbhísí conas, cathain agus san áit is áisiúla duit
- áiseanna custaiméara a chur ar fail atá sábháilte, glan agus inrochtana do chách
- freastal ar ár gcustaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge, teanga chomharthaíochta nó teangacha eile nuair is féidir
Ár bhfeidhmíocht
Déanfaimid:
- monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar ár bhfeidhmíocht
- leanúint ar aghaidh le feabhas a chur ar fhorbairt agus ar sholáthar ár seirbhísí ionas gur féidir linn freastal ar do chuid riachtanas
- ár bhfoireann a oiliúint chun freastal ar do riachtanas ar bhonn leanúnach
Oscailteacht agus Neamhchlaontacht
Déanfaimid:
- déileáil leat ar bhealach cothrom agus oscailte
- aon ghné de do dhéileáil linn a phlé
- conas a thángthas ar chinneadh a mhíniú
- an fhaisnéis atá uait a thabhairt duit ar bhealach atá éasca le tuiscint agus atá soiléir
- do shonraí pearsanta a choinneáil go sábháilte agus go slán, i gcomhréir lenár dtiomantais sonraí
- ainm agus sonraí teagmhála an duine a dhéileálann le do cheist a thabhairt duit
- ár nós imeachta um ghearáin a phoibliú ionas go mbeidh a fhios agat cad atá le déanamh agat má tá tú míshásta le cáilíocht na seirbhíse a fhaigheann tú
Cad a theastaítear uait
Chun cabhrú le baill foirne chun ár dtiomantais a choinneáil, iarraimid ort:
- caitheamh leis an bhfoireann ar bhealach cúirtéiseach, sibhialta agus cothrom nuair atá tú ag déileáil linn
- a bheith foighneach linn ag buaicuaireanta nuair atá an fhoireann atá ar fáil gnóthach
- aiseolas a thabhairt dúinn trí thuairimí, gearáin nó moltaí a dhéanamh faoin tseirbhís a fhaigheann tú agus é a chur in iúl dúinn nuair a dhéanaimid rud éigin go maith
- faisnéis atá iomlán, cruinn agus cothrom le dáta a sholáthar